-
Tá contae Phort Láirge lonnaithe ar chósta theas na hÉireann. Tá daonra de 107,961 (Daonáireamh 2006) sa chontae. Sa tréimhse 2002-2006 tháinig fás 9.2% ar dhaonra Phort Láirge. Tá 34.6% den daonra faoi fiche cúig bliain d’aois.
-
Le Port Láirge mar phríomhchathair, is láthair gnó den scoth é contae Phort Láirge agus tá seo le feiceáil sa raon comhlachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta d’ard phróifíl atá sa chontae. Tá ar chumas chontae Phort Láirge tairiscint a dhéanamh do réimse leathan earnálacha, ina n-áirítear miondíoltóireacht, sláinte, bithchógaslann agus cógaisíocht, seirbhísí comhroinnte agus turasóireachta.
-
Tá Gaeltacht bheag cósta Phort Láirge lonnaithe sé mhíle siar ó Dhún Garbhán. San áireamh sa Ghaeltacht seo tá Rinn Ua gCuanach agus an tSean Phobal.
-
Tá daonra de 1,454 i nGaeltacht Phort Láirge agus is ionann seo agus 2% de dhaonra iomlán na Gaeltachta.
-
Tá achar de 62km2 i gceantar Ghaeltachta Phort Láirge. Is ionann seo agus 1% den cheantar Gaeltachta iomlán.
-
In 2011, bhí 121 duine fostaithe go lánaimseartha i gcliant-tionscadail de chuid Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht Phort Láirge.
|