Léarscáileanna den Ghaeltacht
Maigh Eo
  • Tá contae Mhaigh Eo, ina bhfuil daonra de 123,839 (Daonáireamh 2006), lonnaithe ar chósta thiar na hÉireann i gCúige Chonnacht. Sa tréimhse 2002-2006, d’fhás daonra Mhaigh Eo 5.4%. Tá 33.8% den daonra faoi fiche cúig bliain d’aois.
  • Tá trí bhaile mór sa chontae agus tá gréasán maith bóthair, seirbhís iarnróid agus bus agus Aerfort Iarthar Éireann, Cnoc Mhuire ag freastal go maith ar an gcontae. Tá Aerfort Iarthar Éireann leathnaithe go mór le cúpla bliain anuas agus freastal á dhéanamh ar chinn scríbe sa Bhreatainn, san Eoraip agus aiteanna thairis sin. Tá bonn láidir tionsclaíoch i Maigh Eo comhdhéanta de fhiontair rathúla dúchasacha agus de chuid de na comhlachtaí ilnáisiúnta is tábhachtaigh in Éirinn. 
  • Tá daonra iomlán de 10,868 i nGaeltacht Mhaigh Eo (Daonáireamh 2006) agus is ionann seo agus 11.5% de dhaonra iomlán na Ghaeltachta.
  • Tá achar de 905km2  i gceantar Ghaeltachta Mhaigh Eo.  Is ionann seo agus 19% den cheantar Gaeltachta iomlán agus tá trí cheantar ar leith i nGaeltacht Mhaigh Eo – Iorras, Acaill agus Tuar Mhic Éadaigh.
  • Is é Béal an Mhuirthead, atá lonnaithe 72km ó Bhéal an Átha, 80km ó Chaisleán an Bharraigh, agus 110km ó Aerfort Iarthar Éireann, Cnoc Mhuire, príomhbhaile Ghaeltacht Mhaigh Eo. 
  • Ag deireadh 2011, bhí 675 duine fostaithe go lán-aimseartha i gcliant-tionscadail de chuid an Údaráis i nGaeltacht Mhaigh Eo.
Maigh Eo
Cláraigh le haghaidh ríomhphoist
Faigh an nuacht is déanaí ó Údarás na Gaeltachta, liostáil dár nuachtlitir leictreonach anseo.
Déan fiosrúchán
Mura féidir leat an t-eolas atá uait a aimsiú ar ár suíomh gréasáin, seol fiosrúchán chugainn ar ríomhphost.
Nuacht