-
Tá contae na Gaillimhe, ina bhfuil daonra de 231,670 (Daonáireamh 2006) lonnaithe ar chósta thiar na hÉireann. Sa tréimhse 2002-2006, tháinig fás 10.8% ar dhaonra na Gaillimhe. Tá 35% den daonra faoi fiche cúig bliain d’aois.
-
Tá Gaillimh ina phríomh ionad do go leor tionscail Éireannacha agus ilnáisiúnta fhorásach, go háirithe sna hearnálacha bogearraí agus feistí leighis. Is í Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an acmhainn oideachais agus taighde is tábhachtaigh san Iarthar. Tá dlúth cheangal ag institiúidí taighde na hollscoile le earnálacha tionscail ar fud an réigiúin.
-
Clúdaíonn Gaeltacht na Gaillimhe codanna leathana de chontae na Gaillimhe, go formhór in iarthar an chontae, agus is é an ceantar Gaeltachta is mó agus is mó daonra sa chontae.
-
Tá daonra de 40,052 i nGaeltacht na Gaillimhe agus is ionann seo agus 47% de dhaonra iomlán na Gaeltachta. Tá cónaí áfach, ar 12,000 den daonra seo laistigh de bhruachbhaile chathair na Gaillimhe.
-
Tá achar geografach 1,225 km2 i nGaeltacht na Gaillimhe. Is ionann seo agus 26% de thalamh uile na Gaeltachta.
-
Is iad an Spidéal agus an Cheathrú Rua na limistéir lonnaíochta is mó. Tá an Cheathrú Rua lonnaithe 48 km siar ó chathair na Gaillimhe agus an Spidéal 19 km.
- In 2011, bhí 2,745 duine fostaithe go lánaimseartha i gcliant-tionscadail de chuid Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht na Gaillimhe.
|