Tá contae Chorcaí, an contae is mó in Éirinn, lonnaithe in iardheisceart na tíre. Tá daonra de 481,295 (Daonáireamh 2006) sa chontae. Sa tréimhse 2002-2006 tháinig fás 11% ar dhaonra Chorcaí. Tá 35% den daonra faoi fiche cúig bliain d’aois.
Tá bonn láidir geilleagrach ag Corcaigh le h-infheistíocht dhíreach choigríche in earnálacha dhinimiciúil ar nós teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide, cógaisíochta, áiseanna maithe oideachas tríú leibhéal, aerfort nua-aimseartha ar cuireadh méid mhór leis le gairid agus áiseanna móra calafoirt.
Tá daonra de 3,530 i nGaeltacht Chorcaí, nó i Muscraí mar is fearr aithne air, agus is ionann seo agus 4% de dhaonra iomlán na Gaeltachta.
Is iad na ceantair is mó lonnaíochta ná Baile Mhic Íre/Baile Bhuirne agus Béal Átha an Ghaorthaidh. Tá an t-oileán Gaeltachta, Oileán Chléire, lonnaithe amach ó chósta thiar Chorcaí.
Tá achar de 262 km2 i gceantar Ghaeltachta Chorcaí. Is ionann seo agus 6% den cheantar Gaeltachta iomlán.
In 2011, bhí 633 duine fostaithe go lánaimseartha i gcliant-tionscadail de chuid Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht Mhuscraí.
Cláraigh le haghaidh ríomhphoist
Faigh an nuacht is déanaí ó Údarás na Gaeltachta, liostáil dár nuachtlitir leictreonach anseo.