Léarscáileanna den Ghaeltacht
Dún na nGall
  • Is é Dún na nGall an contae is faide siar ó thuaidh in Éirinn le daonra de 146,956 (Daonáireamh 2006). Sa tréimhse 2002-2006 tháinig fás 7% ar dhaonra Dhún na nGall. Tá 36.7% den daonra faoi fiche cúig bliain d’aois.
  • Is i Leitir Ceanainn, an baile is mó sa chontae, atá Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn agus roinnt príomh chomhlachtaí ilnáisiúnta ón earnáil seirbhísí idirnáisiúnta.
  • Tá Gaeltacht Dhún na nGall lonnaithe den chuid is mó in iarthar an chontae feadh an chósta agus is é an dara Gaeltacht is mó in Éirinn.
  • Tá daonra de 23,783 (Daonáireamh 2006) i nGaeltacht Dhún na nGall. Is ionann seo agus 25% de dhaonra iomlán na Gaeltachta.
  • Tá 1,502km2 d’achar geografach i nGaeltacht Dhún na nGall. Is ionann seo agus 26% de thalamh uile na Gaeltachta.
  • Tá trí pharóiste i bpríomh ionad daonra Ghaeltacht Dhún na nGall - Na Rosa, Gaoth Dobhair agus Cloich Cheann Fhaola agus le daonra de os cionn 16,000, meastar gurb é an ceantar scoite amach is mó daonra san Eoraip.
  • In 2011, bhí 1,876 duine fostaithe go lán-aimseartha i gcliant-chomhlachtaí de chuid an Údaráis i nGaeltacht Dhún na nGall.
  • Ciallaíonn Dún na nGall, an focal Gaeilge atá ar Donegal ná “Dún an eachtrannaigh” mar gheall gur cuireadh deireadh leis na ruathair a rinne na Lochlannaigh ar an gcontae san 8ú agus 9ú céad.    
Dún na nGall
Cláraigh le haghaidh ríomhphoist
Faigh an nuacht is déanaí ó Údarás na Gaeltachta, liostáil dár nuachtlitir leictreonach anseo.
Déan fiosrúchán
Mura féidir leat an t-eolas atá uait a aimsiú ar ár suíomh gréasáin, seol fiosrúchán chugainn ar ríomhphost.
Nuacht