Léarscáileanna den Ghaeltacht
An Mhí
  • Tá contae na Mí, ina bhfuil daonra de 162,831 (Daonáireamh 2006) lonnaithe in oirthear na hÉireann. Sa tréimhse 2002-2006, tháinig fás 21.5% ar dhaonra chontae na Mí. Tá 40% den daonra faoi fiche cúig bliain d’aois.
  • Is í Gaeltacht na Mí, ina bhfuil an dá bhaile Rath Cairn agus Baile Ghib atá cóngarach dá chéile, an ceantar Gaeltachta is lú. Is í an Uaimh, atá 8 km as Baile Ghib, príomh ionad an réigiúin le daonra de 20,000+.
  • Tá daonra de 1,591 (Daonáireamh 2006) i nGaeltacht na Mí agus is ionann seo agus 2% de dhaonra iomlán na Gaeltachta.
  • Tá achar geografach 44 km2 i nGaeltacht na Mí. Is ionann seo agus 1% de thalamh uile na Gaeltachta. 
  • Tá stair Ghaeltacht na Mí beagán difriúil ón stair atá ag na ceantair eile sa tír ina labhraítear Gaeilge. Is pobail athlonnaithe iad Gaeltachtaí Bhaile Ghib agus Rath Cairn toisc, sna tríochadaí, gur athdháil Rialtas na hÉireann eastáit mhóra na dtiarnaí talúna neamhchónaitheach ar fheirmeoirí bochta as ceantair Ghaeltachta Chonamara, Mhaigh Eo agus Chiarraí mar fheirmeacha beaga. Ba í an aidhm a bhí leis seo ná an míchothromaíocht a bhí ann leis na céadta bliain a chur ina cheart, tráth gur chur na Sasanaigh, faoi threoir Oliver Cromwell, iallach ar fheirmeoirí na hÉireann a dtalamh a fhágáil, leis an bhforógra cáiliúil, go ‘hIfreann nó go Connacht'. Nuair a d'fhill na feirmeoirí ar ais ar a gcuid talamh i gcontae na Mí, thug siad leo a dteanga agus a gcultúr dúchasach, ar a ndéantar ceiliúradh mór sa lá atá inniu ann i nGaeltacht bheag Bhaile Ghib agus Rath Cairn, 70 km as cathair Bhaile Átha Cliath.
  • In 2011, bhí 190 duine fostaithe go lánaimseartha i gcliant-tionscadail de chuid Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht na Mí.
An Mhí
Cláraigh le haghaidh ríomhphoist
Faigh an nuacht is déanaí ó Údarás na Gaeltachta, liostáil dár nuachtlitir leictreonach anseo.
Déan fiosrúchán
Mura féidir leat an t-eolas atá uait a aimsiú ar ár suíomh gréasáin, seol fiosrúchán chugainn ar ríomhphost.
Nuacht