Teanga
Teanga
Tá Gaeilge á labhairt gan bhriseadh le dhá mhíle bliain ar a laghad agus tá néamhspleáchas a mhair leis na céadta le sonrú i modhanna smaointeoireachta agus i rithim na teanga.

Tá an Ghaeilge mar bhunchloch sa saol laethúil ag na mílte duine a labhrann an teanga sa lá atá inniu ann. Tá Údarás na Gaeltachta tiomanta do chothú agus do chur chun cinn na teanga mar theanga phobail na Gaeltachta amach anseo.

I gcroílár ghníomhaíochtaí uile na heagraíochta tá cothú agus forbairt na teanga. Le treoirlínte do chomhlachtaí a fháil faoin bPlean Forbartha Teanga san ionad oibre cliceáil anseo.

Féachann an tÚdarás le pobail fhuinniúla Ghaeltachta a chothú agus a chaomhnú chomh maith le bealaí cruthaitheacha a aimsiú chun an Ghaeilge a athbheochan mar dhara teanga láidir i nGaeltachtaí ina bhfuil an teanga níos laige ná mar a bhíodh. Tacaíonn an eagraíocht le roinnt gníomhaíochtaí teanga, ina measc:
  • Réamhscoileanna lán-Ghaeilge
  • Cúrsaí tríú leibhéal a sholáthar trí mheán na Gaeilge
  • Tionscnaimh chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa láthair oibre.

Teanga
Cláraigh le haghaidh ríomhphoist
Faigh an nuacht is déanaí ó Údarás na Gaeltachta, liostáil dár nuachtlitir leictreonach anseo.
Déan fiosrúchán
Mura féidir leat an t-eolas atá uait a aimsiú ar ár suíomh gréasáin, seol fiosrúchán chugainn ar ríomhphost.
Nuacht