An Óige
Baile » Teanga, cultúr, pobal » An Óige
An Óige
Bunaíodh Óige na Gaeltachta Teo sa bhliain 2006 chun seirbhísí a fhorbairt agus a chur chun cinn, trí mheán na Gaeilge, do dhaoine óga sa Ghaeltacht.
 
Aithníodh an gá a bhí ann struchtúr d’aos óg na Gaeltachta a bhunú sna moltaí a rinneadh i dtuarascáil ar riachtanais óige na Gaeilge a foilsíodh sa bhliain 2003.
 
Bunaíodh eagraíocht don óige, Óige na Gaeltachta, sa bhliain 2005 agus tá se á mhaoiniú ag Údarás na Gaeltachta.
 
Tá Óige na Gaeltachta tiomanta réimse leathan seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil do chlubanna óige, do ghrúpaí pobail agus d’eagraíochtaí deonacha a sholáthraíonn seirbhísí tábhachtacha do dhaoine óga sa Ghaeltacht. Ceann de bhunaidhmeanna Óige na Gaeltachta ná seirbhísí óige pobalbhunaithe, dírithe ar pháistí idir 7 agus 18 mbliana, a fheabhsú, agus úsáid na Gaeilge san heagraíochtaí seo a chur chun cinn is a mhéadú.
 
 
Cláraigh le haghaidh ríomhphoist
Faigh an nuacht is déanaí ó Údarás na Gaeltachta, liostáil dár nuachtlitir leictreonach anseo.
Déan fiosrúchán
Mura féidir leat an t-eolas atá uait a aimsiú ar ár suíomh gréasáin, seol fiosrúchán chugainn ar ríomhphost.
Nuacht