An bhfuil tú chun gnó a bhunú nó a fhorbairt sa Ghaeltacht? Anseo tá eolas maidir le spás gnó atá ar fáil chomh maith le próifíl na gceantar Ghaeltachta.
Tá punann maoine ilghnéitheach ag Údarás na Gaeltachta ar fud na Gaeltachta.
San áireamh tá suímh atá pleanáilte agus crioslaithe go sonrach le haghaidh tionsclaíochta agus fiontair a bhfuil seirbhísí ar nós uisce agus cumhacht mar aon le teicneolaíochtaí teilechumarsáide d’ardchaighdeán ar fail orthu.
Tá roghanna éagsúla spáis ar fáil ar nós:
- Suímh thionsclaíocha
- Páirceanna gnó
- Aonaid fiontair
- Spás oifige
- Gorlanna gnó
- Suímh le forbairt
- Aonaid cheardaíochta
Cuirtear maoin ar fáil ar rátaí cíosa iomaíocha agus is féidir le cliant tairbhe a bhaint as socruithe léasa solúbtha. Is féidir foirgintí a chur in oiriúint ag brath ar riachtanais an ghnó.
Tá raon áitreabh gnó i gceantair Ghaeltachta idir oifigí beaga agus stórais mhóra. Cliceáil orthu chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcóiríocht is fearr a oirfeadh do do ghnólacht.