Do ghnó a fhorbairt
Baile » Forbairt ghnó » Do ghnó a fhorbairt
Do ghnó a fhorbairt
Má tá tú tar éis do ghnólacht a thosú go rathúil, b’fhéidir go bhfuil tú ag smaoineamh anois ar do ghnólacht a leathnú go réimsí eile, ar tháirge nua a fhorbairt, nó ar éagsúlú i dtreo nua.

In éineacht leis na deontais agus leis na scéimeanna dírithe ar ghnólachtaí nua‑thionscanta, mar shampla deontas i leith staidéir féidearthachta, tá dreasachtaí eile airgid ann a d’fhéadfadh a bheith ábhartha don ghnólacht atá i mbéal forbartha. Mar shampla:
  • Deontais taighde agus forbartha
  • Deontais chaipitil
  • Deontais fostaíochta
  • Deontais oiliúna
  • Infheistiú scaireanna
  • Deontais mhargaíochta.
Is féidir leis an Údarás cúnamh a thabhairt i dtaobh riachtanais do shaotharspáis freisin, cibé acu spás oifige, ceardlann nó áitreabh déantúsaíochta a theastaíonn uait.
 
Chun tuilleadh eolais a fháil ar na dreasachtaí airgid seo, cliceáil anseo  

Chun tuilleadh eolais a fháil ar áitreabh atá le fáil ar cíos, cliceáil anseo

Forbairt do ghnó
Cláraigh le haghaidh ríomhphoist
Faigh an nuacht is déanaí ó Údarás na Gaeltachta, liostáil dár nuachtlitir leictreonach anseo.
Déan fiosrúchán
Mura féidir leat an t-eolas atá uait a aimsiú ar ár suíomh gréasáin, seol fiosrúchán chugainn ar ríomhphost.
Nuacht