Baineann an Ghaeilge leis an gcraobh Cheilteach de na teangacha Ind-Eorpacha, lena n-áirítear Gaeilge na hAlban, an Bhreatnais, Gaeilge Mhanann, an Choirnis agus an Bhriotáinis. Ceaptar gur tháinig an Ghaeilge go hEirinn ar dtús idir 1200 agus 200 RC.
Is i bhfoirm Oghaim atá an scríbhneoireacht is luaithe atá againn i nGaeilge, inscríbhinní a thagann ón gceathrú aois RC.
Bhíodh Gaeilge á labhairt ar fud oileán na hÉireann tráth, ach baineadh an bonn de stádas na teanga trí mheascán de thosca sóisialta, eacnamaíochta agus polaitiúla.
Is i nGaeilge atá an litríocht dúchais is sine san Eoraip le fáil, agus i saol an lae inniu is féidir an teanga a fheiceáil agus a chloisteáil ar an teilifís, ar an raidió, i nuachtáin, in irisleabhair agus ar an Idirlíon.
Athrú

Tá athrú tagtha ar íomhá na Gaeilge le blianta beaga anuas, rud atá le sonrú go soiléir leis an oiread daoine a labhríonn agus a fhoghlaimíonn an teanga, ní hamháin in Éirinn, ach ar fud na cruinne.
Is í an Ghaeilge teanga an phobail sna Gaeltachtaí, ach tá borradh faoin nGaeilge lasmuigh den Ghaeltacht freisin. De réir Dhaonáireamh 2006, tá Gaeilge ag 1.66 milliún duine i bPoblacht na hÉireann, agus maíonn os cionn 10.4% de dhaonra Thuaisceart na hÉireann go bhfuil eolas éigin acu ar an nGaeilge. Cuireann gach réimse den phobal spéis sa teanga sa lá atá inniu ann, agus le déanaí bhunaigh grúpa inimirceach eagraíocht darbh ainm iMeasc chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc daoine a chuireann fúthu in Éirinn.
An tOireachtas
Léiríonn an borradh atá faoin Oireachtas le deich mbliana anuas an spéis atá á cur sa teanga ag daoine d’aoiseanna éagsúla - spéis atá ag dul i méid. Le blianta beaga anuas, tá méadú suntasach tagtha ar líon na ndéagóirí agus ar líon na ndaoine atá sna fichidí a théann chuig an Oireachtas agus a ghlacann páirt ann. Is maith an comhartha é seo don todhchaí.
Tá seirbhísí oifigiúla as Gaeilge le fáil anois ar fud oileán na hÉireann.