Na meáin
Baile » Eolas faoin Údarás » Na meáin » Preaseisiúintí » 2010 » An comhlacht teilifíse Nemeton ainmnithe do ghradam IFTA
04 Feabhra 2010 |An comhlacht teilifíse Nemeton ainmnithe do ghradam IFTA
Tá an comhlacht teilifíse Nemeton, cliant-chomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta, atá lonnaithe sna Déise i bPort Láirge, ainmnithe do ghradam IFTA. Is don chlár GAA BEO, ceannródaí bheo-chraolacháin na gCluichí Gaelacha do TG4, atá an comhlacht ainmnithe,  ar chraoladh Chluichí Ceannais na gClubanna 2009 a bhí ar siúl i bPáirc an Chrócaigh Lá Fhéile Pádraig anuraidh.
 
Tá cáil domhanda bainte amach ag Nemeton mar sholáthróir teilifíse agus na meáin dhigiteacha. Léiríonn an comhlacht iomaí réimse craolacháin spóirt, ag clúdach cluichí na nGael, sacar, rásaí capaill, snúcar agus imeachtaí idirnáisiúnta seoltóireachta.
 
Le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta, soláthraíonn Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge i gcomhar le Nemeton, cúrsaí Ard-Dioplóma i Léiriú Teilifíse agus tá siad i láthair na huaire ag glacadh le hiarratais. Tá gach eolas le fáil ach teagmháil a dhéanamh le Nemeton.
 
Críoch
Cláraigh le haghaidh ríomhphoist
Faigh an nuacht is déanaí ó Údarás na Gaeltachta, liostáil dár nuachtlitir leictreonach anseo.
Déan fiosrúchán
Mura féidir leat an t-eolas atá uait a aimsiú ar ár suíomh gréasáin, seol fiosrúchán chugainn ar ríomhphost.
Nuacht