Na meáin
2011
Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta - Nollaig 2011 | 09 Nollaig 2011
Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta sna Forbacha inniu (9 Nollaig) tugadh tuairisc don Bhord faoi sholáthar airgid an Údaráis ón Stát, ó fhoinsí eile agus óna fhoinsí féin do 2012. Beidh soláthar €18.8m in iomlán ar fáil ón Stát do na buiséid chaipitil agus reatha, ísliú 4% ar an bhliain roimhe. Beidh buiséad caipitil na heagraíochta, a dhíríonn ar chruthú fostaíochta, idir soláthar ón Stát agus teacht isteach óna fhoinsí féin (measta), de c.€12m ar fáil. Tá seo gar don méid a bhí ar fáil don eagraíocht in 2011.
Snáth Dhún na nGall Teo chun 10 bpost nua a chruthú i gCill Charthaigh | 08 Samhain 2011
Inniu (Dé Mairt, 08 Samhain) d’fhógair Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., An tAire Stáit ag An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, go bhfuil 10 bpost breise le cruthú i gcomhlacht teicstíle Chill Charthaigh, Snáth Dhún na nGall Teo., le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta. Tá 23 duine fostaithe sa chomhlacht faoi láthair agus tá i gceist aige tosú ag earcú sna míonna seo romhainn.
Cruinniú de Bhord an Údaráis i gCill Airne | 04 Samhain 2011
Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i gCill Airne inniu, (4 Samhain 2011) ceadaíodh líon tograí ina mbeidh 64 post nua.
Tuarascáil Bhliantúil 2010 Údarás na Gaeltachta foilsithe | 25 Deireadh Fómhair 2011
Foilsíodh Tuarascáil Bhliantúil 2010
Údarás na Gaeltachta inniu ar 25 Deireadh Fómhair 2011
Foirgneamh ceannaithe ag Randox Laboratories ó Údarás na Gaeltachta ar an Chlochán Liath le hinfheistíocht €1 milliún | 26 Meán Fómhair 2011
Léirigh Randox Teo inniu (26 Meán Fómhair) a thiomantas dá ghnó ar an Chlochán Liath trí an fhoirgneamh atá ar léas aige ón Údarás a cheannach ar chostas €1 milliún.
Fáiltíonn Bord an Údaráis roimh mhaoiniú d’Ealaín na Gaeltachta Teo | 09 Meán Fómhair 2011
Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i nDoirí Beaga inniu d’fháiltigh an Bord roimh an chinneadh a rinne An Chomhairle Ealaíon agus Údarás na Gaeltachta maoiniú a chur ar fáil don Chomhlacht Ealaín (na Gaeltachta) Teo dá chlár gníomhaíochtaí don bhliain 2011.
Maoiniú Ceadaithe d’Ealaín na Gaeltachta Teo | 02 Meán Fómhair 2011
Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh an chinneadh atá déanta ag An Chomhairle Ealaíon maoiniú a chur ar fáil don chomhlacht Ealaín na Gaeltachta Teo lena chlár gníomhaíochtaí do 2011 a chur i bhfeidhm.
Heron Foods le háis nua a lonnú i mBéal Átha an Ghaorthaidh agus 30 post nua a chruthú | 04 Iúil 2011
D’fhógair Heron Quality Foods Ltd, comhlacht a tháirgeann réimse de tháirgí orgánacha agus saor ó ghlútan inniu (4 Iúil), go bhfuil sé chun áis nua a lonnú i mBéal Átha an Ghaorthaidh agus go mbeidh 30 post nua le cruthú ann le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta.
Largo Foods le hinfheistíocht bhreise a dhéanamh sa ghnó déantús smailceanna i nGaoth Dobhair | 20 Meitheamh 2011
Tá sé fógartha ag Largo Foods inniu, ceann de na príomh déantúsóirí agus dáileoirí smailc-bhia in Éirinn, go mbeidh breis infheistíocht de €2.6 milliún a dhéanamh san áis déantúsaíochta atá ag an chomhlacht ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair i gCo. Dhún na nGall. 
Údarás na Gaeltachta lena fheidhmeanna fiontraíochta a choinneáil | 03 Meitheamh 2011
Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh an chinneadh atá déanta ag an Rialtas feidhmeanna reatha an Údaráis a fhágáil mar atá, na cúraimí fiontraíochta ach go háirithe.  
Cláraigh le haghaidh ríomhphoist
Faigh an nuacht is déanaí ó Údarás na Gaeltachta, liostáil dár nuachtlitir leictreonach anseo.
Déan fiosrúchán
Mura féidir leat an t-eolas atá uait a aimsiú ar ár suíomh gréasáin, seol fiosrúchán chugainn ar ríomhphost.
Nuacht