Rialachas corparáideach
Baile » Eolas faoin Údarás » Rialachas corparáideach » Eolas faoin gComhshaol
Eolas faoin gComhshaol
 
 
Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol
De bhun Treorach 2003/4/EC na gComhphobal Eorpach, arna cur i bhfeidhm in Éirinn trí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol), (I.R. 133 de 2007), tá tú i dteideal a iarraidh ar an Údarás faisnéis (eolas) faoin gcomhshaol atá ina sheilbh a chur ar fáil duit.
 
Polasaí an Údaráis Maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol
Tá sé de dhualgas reachtúil ar Údarás na Gaeltachta eolas a chur ar fáil ar bhealaí éagsúla, mar shampla ina Thuarascálacha Bliantúla, faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise agus faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007.
 
Ní athraíonn na Rialacháin sin na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise agus leanfaidh siadsan ag feidhmiú go comhthreomhar leis na Rialacháin nua seo. Is féidir iarratas ar thaifead nó ar fhaisnéis a iarraidh faoi cheachtar de na forálacha reachtúla seo de réir mar a oireann.
 
Mar eagraíocht a bhíonn ag plé le forbairt thionsclaíoch agus fostaíochta agus le cur chun cinn forbairt pobail, cultúir agus teanga, tá maoin ghnó ag Údarás na Gaeltachta sna contaetha Gaeltachta ar fad, idir thalamh, fhoirgnimh, eastáit tionscail agus pháirceanna gnó. I measc na gcineálacha faisnéise a bhíonn ina sheilbh bíonn eolas faoi ionaid ghnó, eastáit agus páirceanna gnó, cinn a bhfuil tionóntaí iontu san áireamh; eolas comhshaoil faoi thionscadail áirithe a dtugann an tÚdarás tacaíocht dóibh, staidéir tionchair imshaoil do chúrsaí pleanála, agus comhaid sláinte agus sábháilteachta.
 
 
Iarratas ar Fhaisnéis faoin gComhshaol 
Chun iarratas a dhéanamh faoi na Rialacháin seo, iarrtar ort litir a sheoladh chugainn ag an seoladh seo a leanas, ag leagan amach cén fhaisnéis atá uait.
 
                                An Rannóg Rúnaíochta
Údarás na Gaeltachta
Na Forbacha
Co. na Gaillimhe
 
Nóta: Bí cinnte a rá sa litir go bhfuil an fhaisnéis atá uait á hiarraidh agat faoi “na Rialacháin (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007”. Cuir na sonraí seo a leanas i do litir:
  • D’ainm agus do shloinne, agus do sheoladh (agus uimhir fóin más féidir)
  • An fhaisnéis nó na cáipéisí atá á lorg agat; agus
  • Más mian leat an fhaisnéis a fháil i bhfoirm áirithe, mar shampla fótachóip, diosca ríomhaire agus araile, é sin a lua.
Cabhróidh sé linn d’iarratas a phróiseáil go pras má bhíonn tú sonrach go maith san iarratas. Déanfaimid teagmháil leat más gá chun a chinntiú go dtuigimid an t-iarratas i gceart. 
Cuirfimid freagra chugat tráth nach déanaí ná mí ón dáta a bhfaighimd an t-iarratas.
Déanfaimid iarracht eolas a chur ar fáil saor ó tháille de ghnáth. Má tá ábhar suntasach i gceist, is féidir go mbeidh orainn táillí a ghearradh bunaithe ar an sceideal seo thíos, ach sa chás sin tabharfaimid fógra duit faoi na táillí atá le gearradh.
 
 
Sceideal na dTáillí a Bhaineann le hIarratas ar Fhaisnéis faoin gComhshaol
€30.00 in aghaidh na huaire do chuardach agus aisghabháil faisnéise
€0.04 an chóip “dhubh agus bhán”
€0.15 an chóip dhaite A4
€0.30 an chóip A3 dhaite
€1.00 an chóip ar bhileoga níos mó ná A3
€5.00 ar Dhlúthdhiosca Inléite amháin (ROM)
Ceadófar laghdú 1/3 sa táille má tá cárta leighis agat.
Is féidir éarlais a iarraidh má mheastar go mbeidh táille iomlán de bhreis ar €65 i gceist.
 
Cineálacha Faisnéise a bhfuil teacht orthu
Baineann an Treoir le faisnéis a choinnítear i bhfoirm scríofa, amhairc, cloiste, leictreonach agus ábhartha eile. Tá 6 chatagóir ann faoin Treoir:
 
1.       Staid na ndúl comhshaoil, mar shampla aer, uisce, ithir, talamh, tírdhreach, éagsúlacht bhitheolaíoch.
2.       Nithe a bhfuil tionchar acu ar na dúile comhshaoil, nó a bhféadfadh an tionchar sin a bheith acu, mar shampla fuinneamh, torann, radaíocht, dramhaíl, nó astuithe eile isteach sa chomhshaol.
3.       Bearta a bhfuil d’aidhm acu na dúile comhshaoil a chosaint, mar shampla beartais, reachtaíocht, pleananna, cláir, comhaontuithe comhshaoil.
4.       Tuarascálacha ar chur i bhfeidhm reachtaíochta comhshaoil.
5.       Anailís agus bunúis bharúla a úsáidtear laistigh de fhrámaíocht na mbearta chun an comhshaol a chosaint.
6.       Staid sláinte agus sábháilteachta daonna, an bhiashlabhra, suíomh cultúrtha agus struchtúr tógtha, sa mhéid go bhféadfadh na dúile comhshaoil dul i bhfeidhm orthu.
 
Ceart Achomhairc
Mura mbíonn tú sásta leis an bhfreagra ar do litir is féidir leat athbhreithniú inmheánach a iarraidh ó Fheidhmeannach níos sinsearaí in Údarás na Gaeltachta. Chun athbhreithniú inmheánach a iarraidh, is ceart scríobh chuig an seoladh céanna thuasluaite. Ní ghearrtar táille as athbhreithniú a iarraidh.
 
Mura mbíonn tú sásta leis an bhfreagra ón bhFeidhmeannach sin, is féidir leat teagmháil a dhéanamh ansin le hOifig an Choimisinéara Faisnéise. Baineann táille leis an achomharc seo. Tá nasc anseo thíos chuig suíomh idirlín Oifig an Choimisinéara Faiséise.
 
Eolas Breise
An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise,
Údarás na Gaeltachta, Na Forbacha, Co. na Gaillimhe.
Sonraí teagmhála eile:
Fón: (091) 503100 Facs: (091) 503101
Ríomhphost: asf@udaras.ie
 
Cláraigh le haghaidh ríomhphoist
Faigh an nuacht is déanaí ó Údarás na Gaeltachta, liostáil dár nuachtlitir leictreonach anseo.
Déan fiosrúchán
Mura féidir leat an t-eolas atá uait a aimsiú ar ár suíomh gréasáin, seol fiosrúchán chugainn ar ríomhphost.
Nuacht