An bhfuil tú ag feidhmiú san earnáil Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide agus ar mhaith leat do ghnó féin a bhunú nó a athlonnú sa Ghaeltacht? Tugtar eolas anseo maidir leis na dreasachtaí airgeadais atá ar fáil ó Údarás na Gaeltachta.
Tugtar tacaíocht do ghnólachtaí (dearadh suímh ghréasáin, ríomhfhoghlaim, srl) atá ag plé le teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide i roinnt ceantar Gaeltachta. Tá dul chun cinn suntasach déanta ó thaobh an bhonneagair theileachumarsáide de le blianta beaga anuas, agus tá seirbhís leathanbhanda ardluais iomaíoch ar fáil sa Ghaeltacht atá in ann freastal ar beagnach gach uile riachtanas cumarsáide gnó.
Chun eolas a fháil ar na scéimeanna tacaíochta atá ar fáil do ghnólachtaí san earnáil teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide cliceáil anseo.