Tosaigh do Ghnó Féin
Baile » Forbairt ghnó » Tosaigh do Ghnó Féin
Tosaigh do Ghnó Féin
Acmhainní
Tá cabhair tugtha ag Údarás na Gaeltachta do na céadta daoine cosúil leatsa a ngnó a chur ar bun. Is féidir linn comhairle, tacaíocht airgeadais agus acmhainní eile a thabhairt a chuideoidh leat do ghnó féin a reáchtáil.

Teagmhálacha
Bíonn rath ar ghnólachtaí mar thoradh ar inspioráid, ar phleanáil, ar acmhainní agus ar obair chrua. Labhair linn faoi do smaoineamh agus feicfimid cén tslí a mbeimid in ann an chabhair is fearr a thabhairt duit. Chomh maith leis sin, is féidir linn tú a chur i dteagmháil le heagraíochtaí eile a d’fhéadfadh cúnamh a thabhairt duit.

Cúrsaí Airgid
Tá réimse scéimeanna tacaíochta airgeadais á gcur ar fáil againn a d’fhéadfadh a bheith oiriúnach duit. Ní bheidh gach togra i dteideal deontas a fháil, ach tabharfaimid gach cúnamh is féidir duit, tacaíocht do phlean gnó agus réamh-mheastacháin airgeadais san áireamh.

Féidearthacht
Tá deontais Staidéar Féidearthachta ar fáil le cuidiú leat measúnú a dhéanamh ar inmharthanacht do choincheapa ghnó. Is féidir leat suas le leath na gcostas a bhaineann leis an gcéim fhiosraithe a fháil ar ais. Is féidir deontais a fháil le haghaidh plean gnó agus réamh-mheastacháin airgeadais a ullmhú, chomh maith le costais amhail tuarastal, caiteachas ábhartha, liúntas taistil agus cothaithe, forbairt fréamhshamhail, taighde margaidh agus imchostais eile.

Foireann
Más ag lorg traenála d'fhoireann nua nó traenáil bainistíochta duit féin atá tú, b’fhéidir go mbeifeá i dteideal tacaíocht airgeadais a fháil. Cuirfimid ar an heolas tú maidir le cúrsaí oiliúna agus i dteagmháil le heagraíochtaí ábhartha chomh maith.

Áitreabh
Is féidir linn cúnamh a thabhairt duit maidir le do chuid riachtanais spáis, cé acu spás oifige, ceardlainne nó déantúsaíochta atá de dhíth ort.

Margadh
An mbeidh éileamh ar do tháirge/sheirbhís sa mhargadh? Soláthraímid comhairle agus tacaíocht airgeadais ionas go mbeidh tú in ann taighde a dhéanamh ar an margadh chun gur féidir leat fíor-fhéidearthacht do ghnó a chinntiú.

Cláraigh le haghaidh ríomhphoist
Faigh an nuacht is déanaí ó Údarás na Gaeltachta, liostáil dár nuachtlitir leictreonach anseo.
Déan fiosrúchán
Mura féidir leat an t-eolas atá uait a aimsiú ar ár suíomh gréasáin, seol fiosrúchán chugainn ar ríomhphost.
Nuacht