Cultúr
Cultúr
Tá feasacht chultúr agus oidhreacht na Gaeltachta ag dul i meid i gcónaí. Bhí ról tábhachtach i gcónaí ag an nGaeilge i leanúnachas chultúr agus oidhreacht na Gaeltachta, agus tá comhchuimhní ar phobal agus ar shaol an phobail sin i gcónaí sa teanga labhartha.
 
Díríonn tacaíocht Údarás na Gaeltachta i leith Imeachtaí Cultúrtha sa Ghaeltacht ar thionscnaimh chultúrtha phobalbhunaithe, agus cuirtear béim ar leith ar imeachtaí Gaeilge. I measc na dtionscnamh a dtacaímid leo, tá;
  • Féilte
  • Imeachtaí cultúrtha
  • Taispeántais agus oscailtí
  • Foilseacháin
  • Imeachtaí litríochta
  • Drámaíocht
  • Seimineáir
  • Ceardlanna oideachais.
Cinntíonn ár dtacaíocht airgid go spreagtar imeachtaí cultúrtha pobail luachmhara agus go ndéantar iad a fhorbairt, agus go gcuirtear an Ghaeilge chun cinn sna himeachtaí seo.
 
Chun tuilleadh eolais a fháil, is féidir dul i dteagmháil le:
 
nó is féidir cuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin Ealaín na Gaeltachta, www.ealain.ie, nó dul i dteagmháil leis an Oifigeach Ealaíon Áitiúil

Cláraigh le haghaidh ríomhphoist
Faigh an nuacht is déanaí ó Údarás na Gaeltachta, liostáil dár nuachtlitir leictreonach anseo.
Déan fiosrúchán
Mura féidir leat an t-eolas atá uait a aimsiú ar ár suíomh gréasáin, seol fiosrúchán chugainn ar ríomhphost.
Nuacht