Gaeltacht Chiarraí ag lonrú sa Teach Bán ar Lá Fhéile Pádraig

17 Márta, 2022

nóiméad léite

Dhá chomhlacht as Gaeltacht Chiarraí a bhí ag lonrú sa Teach Bán mar chuid d’imeachtaí Lá Fhéile Pádraig 2022. Is iad Dingle Crystal, cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta, a rinne an babhla criostail inar bronnadh seamróg ar Uachtarán na Stát Aontaithe an tUasal Joe Biden sa Teach Bán i Washington.

Ba as Baile an Sceilg a tháinig an seamróg a bhí sa mbabhla agus is cliantchomhlacht eile de chuid an Údaráis iad IPI Teoranta. Dea-chomhartha é seo ar an ómós agus ar an gcaighdeán a chuireann táirgí Gaeltachta ar fáil anseo agus a dtóir ar fud an domhain agus iad i lár an aonaigh mar chuid d’imeachtaí móra an lae.

Is cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta iad Dingle Crystal a bhfuil a gcomhlacht ceardaíochta lonnaithe i nDaingean Uí Chúis ón mbliain 1999. Roghnaigh Oifig an Taoisigh an comhlacht sin i mbliana chun babhla criostail a dhéanamh agus is é úinéir Dingle Crystal, Seán Daly, a dhear agus a ghearr an babhla lámhdhéanta criostail.
Tá dearadh an bhabhIa bunaithe ar ealaín charraige Leithinis Dhaingean Uí Chúis de chupán agus fáinne ársa. In ómós don ócáid speisialta seo, tá na nithe sin le feiceáil timpeall ar an dearadh den seamróg agus den chláirseach, ag léiriú an dlúthcheangal idir Éire agus Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ag croílár dhearadh an bhabhla tá an inscríbhinn atá as Gaeilge i mbliana.

Labhair Seán Daly, úinéir Dingle Crystal, maidir leis an ócáid:

“Is mór an onóir é seo domsa agus 45 bliain caite agam in earnáil an chriostail agus deis agam mo chuid oibre a léiriú ag ócáid mhór mar seo. Táimid mar theaghlach, agus mar ghnó Gaeltachta, an-bhródúil as an gcoimisiúnú seo. Táimid bródúil chomh maith gur bhfuil muid ar cheann de na comhlachtaí criostail deiridh atá ag dearadh agus ag gearradh le lámh agus an traidisiún á thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile agus an ealaín sin á coinneáil beo.”

Is é ag caint ar an mbronnadh dúirt Stiúrthóir IPI Teoranta Joe Sugrue:

“Táimid thar a bheith bródúil go bhfuil suaitheantas náisiúnta, atá ag fás anseo i gCiarraí Theas, á bhronnadh ar Uachtarán Mheiriceá agus sin á dhéanamh anois le 25 bliain anuas. Tá súil againn agus imeachtaí Lá Fhéile Pádraig ar ais ar an bhfód go mbeidh tuilleadh daoine ag baint sásaimh as seamróg na hÉireann."

Thréaslaigh Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta an scéala leis an dá chomhlacht:

“Tá ríméad orainn go bhfuil táirgí Gaeltachta den scoth ar an stáitse domhanda agus an dá chomhlacht breá seo ag cothú nasc idir An Ghaeltacht, Éire, Meiriceá agus Diaspóra na Gaeltachta ar fud na Stát Aontaithe agus an domhain mhóir. Léiríonn an bronnadh seo an caighdeán táirge atá á chur ar fáil ag comhlachtaí maithe le tacaíocht Údarás na Gaeltachta i gceantair faoin tuath.”

D’fhoghlaim Seán Daly as Dingle Crystal a cheird le Criostal Phort Láirge agus é ag obair ann mar mháistir ceirde i ngearradh gloine ar feadh 15 bliain sular aistrigh sé féin agus a chlann go dtí Daingean Uí Chúis. Is le lámh a dhéantar earraí criostail an chomhlachta ag úsáid modhanna traidisiúnta agus tá ionad taispeántais acu chomh maith le siopa ar Shráid an Doirín i nDaingean Uí Chúis.
Is i mBaile an Sceilg a fhásann IPI Teoranta an seamróg a seoladh sa mbabhla. Tá seamróga as Baile an Sceilg á mbronnadh ar Uachtaráin na Stát Aontaithe ar an lá seo le 25 bliain anuas agus is cinnte go mbeidh an babhla agus an seamróg ón dá chomhlacht seo as ceantair Ghaeltachta Chiarraí faoi bhláth sa Teach Bán.