Tionscnaimh Ealaíon & Chultúrtha
Tá feasacht chultúr agus oidhreacht na Gaeltachta ag dul i meid i gcónaí. Bhí ról tábhachtach i gcónaí ag an nGaeilge i leanúnachas chultúr agus oidhreacht na Gaeltachta, agus tá comhchuimhní ar phobal agus ar shaol an phobail sin i gcónaí sa teanga labhartha.
Ealaín

Tá Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon tar éis creat straitéiseach a leagan amach i dtaobh fhorbairt na n-ealaíon sa Ghaeltacht. Déanann an dá eagraíocht raon leathan de thionscnaimh ealaíne traidisiúnta agus comhaimseartha a mhaoiniú i gcomhpháirt lena chéile, tríd an bhfo-chomhlacht Ealaín na Gaeltachta.
Tá triúr éascaitheoirí ealaíon réigiúnda fostaithe ag Ealaín na Gaeltachta chun an plean ealaíon a chur i bhfeidhm. Chun tuilleadh eolais a fháil i dtaobh an phlean seo, téigh chuig suíomh gréasáin Ealaín na Gaeltachta www.ealain.ie nó téigh i dteagmháil le d’Oifigeach Ealaíon áitiúil..
Cultúr

Díríonn tacaíocht Údarás na Gaeltachta i leith Imeachtaí Cultúrtha sa Ghaeltacht ar thionscnaimh chultúrtha phobalbhunaithe, agus cuirtear béim ar leith ar imeachtaí Gaeilge. I measc na dtionscnamh a dtacaímid leo, tá;
- Féilte
- Imeachtaí cultúrtha
- Taispeántais agus oscailtí
- Foilseacháin
- Imeachtaí litríochta
- Drámaíocht
- Seimineáir
- Ceardlanna oideachais.
Cinntíonn ár dtacaíocht airgid go spreagtar imeachtaí cultúrtha pobail luachmhara agus go ndéantar iad a fhorbairt, agus go gcuirtear an Ghaeilge chun cinn sna himeachtaí seo.
Chun tuilleadh eolais a fháil, is féidir dul i dteagmháil le d’oifigeach Teanga agus Cultúir áitiúil.
Nó is féidir cuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin Ealaín na Gaeltachta, www.ealain.ie
