Tionscnaimh na hÓige
Bunaíodh Óige na Gaeltachta Teo sa bhliain 2006 chun seirbhísí a fhorbairt agus a chur chun cinn, trí mheán na Gaeilge, do dhaoine óga sa Ghaeltacht.
Aithníodh an gá a bhí ann struchtúr d’aos óg na Gaeltachta a bhunú sna moltaí a rinneadh i dtuarascáil ar riachtanais óige na Gaeilge a foilsíodh sa bhliain 2003.
Bunaíodh eagraíocht don óige, Óige na Gaeltachta, sa bhliain 2005 agus tá se á mhaoiniú ag Údarás na Gaeltachta.
Óg Chlubanna sa Ghaeltacht
Tá Óige na Gaeltachta tiomanta réimse leathan seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil do chlubanna óige, do ghrúpaí pobail agus d’eagraíochtaí deonacha a sholáthraíonn seirbhísí tábhachtacha do dhaoine óga sa Ghaeltacht.
Ceann de bhunaidhmeanna Óige na Gaeltachta ná seirbhísí óige pobalbhunaithe, dírithe ar pháistí idir 7 agus 18 mbliana, a fheabhsú, agus úsáid na Gaeilge san heagraíochtaí seo a chur chun cinn is a mhéadú.
Is féidir dul i dteagmháil le hÓige na Gaeltachta chun tuilleadh eolais a fháil faoina réimse seirbhísí.