Aonad 3A, An Cheathrú Rua

Suíomh

Tá Aerfort na Sionainne, a chuireann eitiltí trasatlantacha ar fáil, i bhfoisceacht 127km (79 míle) don Cheathrú Rua. Níl Aerfort na Sionainne i bhfad ón mótorbhealach M18 atá idir Gaillimh agus Luimneach.

Tá Aerfort Iarthar Éireann, Cnoc Mhuire thart ar 100km (62 míle) ó thuaidh ó Ghaillimh. Bíonn eitiltí rialta as Cnoc Mhuire go dtí an Bhreatain agus an Eoraip.

Lena chois sin, tá cathair na Gaillimhe, ina bhfuil daonra de thart ar 231,035, idir an chathair agus na ceantair máguaird, lonnaithe ar imeall na Gaeltachta.

Achar Iomlán (mr2)

1,258 / (13,536 tr2)

Roghanna Cíosa

Cíos ó €32.29 an m2 / (€3.00 an tr2) (€40,620 sa bhliain).

Tá an foirgneamh ag teacht leis na caighdeáin déantúsaíochta ghinearálta agus tá sé réidh le n-áitiú. Tá neart spás oifige ann, mar aon le ceaintín agus leithris ag tosach an fhoirgnimh agus spás oscailte ar cúl. Is furasta an foirgneamh a athrú chun é a chur in oiriúint do riachtanais ar leith.

Úsáidí Oiriúnacha

Fiontraíocht bithleighis, innealtóireacht éadrom, déantúsaíocht ghinearálta & nideoige, aonad taighde & forbartha.