Aonaid 3 & 4, Páirc Ghnó na Coille, Daingean Uí Chúis

Sonraí

Aonaid oifige nua-aimseartha lonnaithe ar pháirc ghnó athchóirithe i mbaile Dhaingean Uí Chúis (comhordanáidí 52.14138,-10.281556). Spásanna oibre taitneamhacha gealla le neart spás páirceála. Tá na haonaid seo neamhspleách ar a chéile agus tá cáblú cumarsáide go caighdeán Catagóir 6 iontu agus caibinéid dáilithe cumarsáide

Suíomh

Tá na haonaid seo lonnaithe in áit den scoth le hAerfort Chiarraí i bhfoisceacht 68km (42 míle), ag soláthar eitiltí go Baile Átha Cliath, Londain, Frankfurt-Hahn, Manchain &rl. Tá aerfort idirnáisiúnta Chorcaí atá i bhfoisceacht 170km (106míle) ó Dhaingean Uí Chúis, ag soláthar roghanna breise ceangail idirnáisiúnta. Tá calafort Chorcaí ag freastal ar Swansea agus Roscoff.

Achar iomlán (m2)

50

Úsáidí Oiriúnacha

Tá na haonaid seo ábalta freastal ar 2-6 dhuine agus bheidís an-oiriúnach d’fhiontair bheaga nó nua bhunaithe mar oifigí.