gteic @Na Forbacha

Tá gteic@Na Forbacha lonnaithe in Ionad Gnó Na Forbacha, Forbacha Co. na Gaillimhe. Is mol nuálaíochta & digiteach den chineál is nua-aimseartha é, áit ina mbeidh cultúr uathúil na Gaeltachta ag cur cruthaitheacht agus nuálaíocht chun cinn. Tá gteic@NaForbacha ina chuid de gteic Gréasán Digiteach na Gaeltachta agus mar chuid d’éiceachóras digiteach atá ag dul i méid, áit ina mbeidh moil i 31 láthair Ghaeltachta ar fud na tíre nuair a bheidh an togra tugtha chun críche.

Cad é féin?

Más ríomhoibrí, forbróir coincheapa, cumadóir, comhlacht nua-bhunaithe, scálaithe nó comhlacht meánmhéide tú, is féidir ár spásanna lánfheistithe a chur in oiriúint do do chuid riachtanas go héasca.

gteic @Na Forbacha Logo
Deasc shealaíochta
Spás oibre chomhionaid
Aonaid ghorlainne
Spás oifige príobháideach
Timpeallacht oibre slán
Rátaí cíosa iomaíocha
Cumas leathanbhanda 1000MBps
Wifi ardluais
Seomra comhdhála
Áiseanna físchomhdhála
Spásanna cruinnithe/oiliúna
Páirceáil fhairsing
Braisle fiontair bhríomhar
Spás roinnte do sholáistí & Áiseanna ar leithligh

An bhfuil timpeallacht oibre uait atá solúbtha/nua-aimseartha agus nuálach? Is féidir leat Deasc Shealaíochta aon lae a chur in áirithe ag gteic @Na Forbacha.

Praghsanna iomaíocha ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le NaForbacha@gteic.ie nó 087 780 6924

San áireamh sa phraghas tá:

  • Deasc (Luan-Aoine, 9am – 5pm),
  • Rochtain WiFi ardluais,
  • Suas le 1000MBps nascacht líne fhosaithe x 2 phort,
  • Fáil ar áit ar leithligh/spás sólaistí atá fairsing agus lánfheistithe,
  • Spás oibre atá lonnaithe i dtimpeallacht slán oibre.

Tabhair d’aire:

  • Caithfidh úsáideoirí a ríomhairí féin a thabhairt leo.
  • Is féidir áirithintí a dhéanamh trí theagmháil a dhéanamh le NaForbacha@gteic.ie, 087 780 6924 nó bualadh isteach chugainn.

Glac ballraíocht i bpobal gteic agus cur deasc d’obair chomhionaid fhadtréimhseach in áirithe
*Conradh 3 mhí ar a laghad

Praghsanna iomaíocha ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le NaForbacha@gteic.ie nó 087 780 6924

San áireamh sa phraghas tá:

  • Deasc thiomnaithe,
  • Rochtain Wifi ardluais,
  • Suas le 1000MBps nascacht líne fhosaithe x 2 phort,
  • Fáil ar áit ar leithligh/spás sólaistí atá fairsing agus lánfheistithe ,
  • Fáil ar an áis le fáinne eochrach slán,
  • Seoladh Gnó,
  • Táillí fóntais san áireamh sa ráta,
  • Rochtain lascainithe ar áiseanna físchomhdhála, cruinnithe & traenála,
  • Fáil ar cheardlanna & gníomhaíochtaí,
  • Rochtain ar sheirbhísí meantóireachta agus tacaíochta Údarás na Gaeltachta,
  • Rochtain fiche ceathair uair an chloig seacht lá na seachtaine,
  • Seomraí ar leithligh do chruinnithe príobháideacha,
  • Ball de phobal digiteach bríomhar agus gníomhach gteic.

Bunaigh do ghnó i gteic agus bain leas as áis chruthaitheach agus bhríomhar
Rátaí cíosa iomaíocha agus socruithe léasaithe solúbtha ar iarratas.
*Tá coinníollacha conartha 24 mí ar a laghad i bhfeidhm do gach iarratasóir.

Praghsanna iomaíocha ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le NaForbacha@gteic.ie nó 087 780 6924

San áireamh sa phraghas tá:

  • Spás oifige tiomnaithe lánfheistithe & le seirbhísí,
  • Rochtain Wifi ardluais,
  • Aonaid ghorlainne atá idir 16m2 agus 205m2 i méid,
  • Suas le 1000MBps nascacht líne fhosaithe x 2 phort,
  • Fáil ar áit ar leithligh/spás sólaistí atá fairsing agus lánfheistithe,
  • Fáil ar an áis le fáinne eochrach slán,
  • Seoladh Gnó,
  • Rochtain lascainithe ar áiseanna físchomhdhála, cruinnithe & traenála,
  • Fáil ar cheardlanna & gníomhaíochtaí,
  • Tacaíocht ghnó ó Údarás na Gaeltachta,
  • Rochtain 24/7,
  • Fáil ar sheomraí ar leithligh do chruinnithe príobháideacha,
  • Ball de phobal digiteach bríomhar agus gníomhach gteic.

Láthair

Tá gteic @Na Forbacha lonnaithe idir Bearna agus an Spidéal ar bhóthar R336 idir cathair na Gaillimhe agus Gaeltacht Chonamara. Níl sé ach 12Km as cathair na Gaillimhe le seirbhís iompar rialta ar fáil ó Bhus Éireann. Tá na hoifigí lonnaithe ar Pháirc Gnó na bhForbacha áit a bhfuil Ard Oifig Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta lonnaithe freisin.

Féach cá bhfuil muid anseo

Sonraí Teagmhála

Bainisteoir : Micheál Mac Donncha
Seoladh: gteic @Na Forbacha,
Pairc Ghnó Na Forbacha,
Na Forbacha,
Co. na Gaillimhe.
H91 NHT4
Guthán: 087 780 6924
Rphost: NaForbacha@gteic.ie