Errigal Mountain, Gaoth Dobhair

Tá gteic @Gaoth Dobhair lonnaithe ar pháirc ghnó Údarás na Gaeltachta, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair, i nGaeltacht Dhún na nGall in iarthuaisceart na hÉireann. Is mol nuálaíochta & digiteach den chineál is nua-aimseartha é, áit ina mbeidh cultúr uathúil na Gaeltachta ag cur cruthaitheacht agus nuálaíocht chun cinn. Tá gteic @Gaoth Dobhair ina chuid de gteic Gréasán Digiteach na Gaeltachta agus mar chuid d’éiceachóras digiteach atá ag dul i méid, áit ina mbeidh moil i 30 láthair Ghaeltachta ar fud na tíre nuair a bheidh an togra tugtha chun críche.

Cad é féin?

Más ríomhoibrí, forbróir coincheapa, cumadóir, comhlacht nua-bhunaithe, scálaithe nó comhlacht meánmhéide tú, is féidir ár spásanna lánfheistithe a chur in oiriúint do do chuid riachtanas go héasca.

gteic @Gaoth Dobhair Logo
Deasc shealaíochta
Spás oibre chomhionaid
Aonaid ghorlainne
Spás oifige príobháideach
Timpeallacht oibre slán
Rátaí cíosa iomaíocha
Cumas leathanbhanda 1000MBps
Wifi ardluais
Seomra comhdhála
Áiseanna físchomhdhála
Spásanna cruinnithe/oiliúna
Páirceáil fhairsing
Braisle fiontair bhríomhar
Spás roinnte do sholáistí & Áiseanna ar leithligh
Previous Image
Next Image

info heading

info content

An bhfuil timpeallacht oibre uait atá solúbtha/nua-aimseartha agus nuálach? Is féidir leat Deasc Shealaíochta aon lae a chur in áirithe ag gteic @Gaoth Dobhair.

Praghsanna iomaíocha ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le GaothDobhair@gteic.ie nó 087 2313504

San áireamh sa phraghas tá:

  • Deasc (Luan-Aoine, 9am – 5pm),
  • Rochtain WiFi ardluais,
  • Suas le 1000MBps nascacht líne fhosaithe x 2 phort,
  • Fáil ar áit ar leithligh/spás sólaistí atá fairsing agus lánfheistithe,
  • Spás oibre atá lonnaithe i dtimpeallacht slán oibre.

Tabhair d’aire:

  • Caithfidh úsáideoirí a ríomhairí féin a thabhairt leo.
  • Is féidir áirithintí a dhéanamh trí theagmháil a dhéanamh le GaothDobhair@gteic.ie, 087 2313504 nó bualadh isteach chugainn.

Glac ballraíocht i bpobal gteic agus cur deasc d’obair chomhionaid fhadtréimhseach in áirithe
*Conradh 3 mhí ar a laghad

Praghsanna iomaíocha ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le GaothDobhair@gteic.ie nó 087 2313504

San áireamh sa phraghas tá:

  • Deasc thiomnaithe,
  • Rochtain Wifi ardluais,
  • Suas le 1000MBps nascacht líne fhosaithe x 2 phort,
  • Fáil ar áit ar leithligh/spás sólaistí atá fairsing agus lánfheistithe ,
  • Fáil ar an áis le fáinne eochrach slán,
  • Seoladh Gnó,
  • Táillí fóntais san áireamh sa ráta,
  • Rochtain lascainithe ar áiseanna físchomhdhála, cruinnithe & traenála,
  • Fáil ar cheardlanna & gníomhaíochtaí,
  • Rochtain ar sheirbhísí meantóireachta agus tacaíochta Údarás na Gaeltachta,
  • Rochtain fiche ceathair uair an chloig seacht lá na seachtaine,
  • Seomraí ar leithligh do chruinnithe príobháideacha,
  • Ball de phobal digiteach bríomhar agus gníomhach gteic.

Bunaigh do ghnó i gteic agus bain leas as áis chruthaitheach agus bhríomhar
Rátaí cíosa iomaíocha agus socruithe léasaithe solúbtha ar iarratas.
*Tá coinníollacha conartha 24 mí ar a laghad i bhfeidhm do gach iarratasóir.

Praghsanna iomaíocha ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le GaothDobhair@gteic.ie nó 087 2313504

San áireamh sa phraghas tá:

  • Spás oifige tiomnaithe lánfheistithe & le seirbhísí,
  • Rochtain Wifi ardluais,
  • Aonaid ghorlainne atá idir 16m2 agus 205m2 i méid,
  • Suas le 1000MBps nascacht líne fhosaithe x 2 phort,
  • Fáil ar áit ar leithligh/spás sólaistí atá fairsing agus lánfheistithe,
  • Fáil ar an áis le fáinne eochrach slán,
  • Seoladh Gnó,
  • Rochtain lascainithe ar áiseanna físchomhdhála, cruinnithe & traenála,
  • Fáil ar cheardlanna & gníomhaíochtaí,
  • Tacaíocht ghnó ó Údarás na Gaeltachta,
  • Rochtain 24/7,
  • Fáil ar sheomraí ar leithligh do chruinnithe príobháideacha,
  • Ball de phobal digiteach bríomhar agus gníomhach gteic.

Láthair

Mapa gteic @Gaoth Dobhair

Tá gteic @Gaoth Dobhair lonnaithe ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair, atá suite tamall beag ón N56 ag an Bhun Beag i gceantar iarthuaiscirt Dhún na nGall. Tá daonra c. 17,000 i nGaoth Dobhair agus sa cheantar máguaird. Tá Aerfort Idirnáisiúnta Dhún na nGall suite laistigh de 15 km (10 míle) den Pháirc Ghnó agus tá eitiltí rialta go Baile Átha Cliath (eitilt a thógann 40 nóim) agus go Glaschú ar fáil ann. Tá Aerfort Dhoire 97 km (60 míle) as Gaoth Dobhair agus cuireann sé sin rogha eitiltí idirnáisiúnta ar fáil, chomh maith leis an dá aerfort idirnáisiúnta atá i mBéal Feirste. Ní raibh ceangal leis an Iarthuaisceart chomh maith riamh, le fáil ar mhargaí na hÉireann, na Ríochta Aontaithe agus margaí eile na hEorpa go héasca.

Féach cá bhfuil muid anseo

Sonraí Teagmhála

Bainisteoir : Micheál Ó Duibhir
Seoladh: gteic @Gaoth Dobhair,
Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair,
Doirí Beaga,
Co. Dhún na nGall.
F92 D60W
Guthán: 087 2313504
Rphost: GaothDobhair@gteic.ie