gteic @Carna

Tá gteic @Carna lonnaithe i dTeach an Údaráis, Carna , Co. na Gaillimhe. Is mol nuálaíochta & digiteach den chineál is nua-aimseartha é, áit ina mbeidh cultúr uathúil na Gaeltachta ag cur cruthaitheacht agus nuálaíocht chun cinn. Tá gteic @Carna ina chuid de gteic Gréasán Digiteach na Gaeltachta agus mar chuid d’éiceachóras digiteach atá ag dul i méid, áit ina mbeidh moil i 31 láthair Ghaeltachta ar fud na tíre nuair a bheidh an togra tugtha chun críche.

Cad é féin?

Más ríomhoibrí, forbróir coincheapa, cumadóir, comhlacht nua-bhunaithe, scálaithe nó comhlacht meánmhéide tú, is féidir ár spásanna lánfheistithe a chur in oiriúint do do chuid riachtanas go héasca.

gteic @Carna
Deasc shealaíochta
Spás oibre chomhionaid
Aonaid ghorlainne
Spás oifige príobháideach
Timpeallacht oibre slán
Rátaí cíosa iomaíocha
Cumas leathanbhanda 1000MBps
Wifi ardluais
Seomra comhdhála
Áiseanna físchomhdhála
Spásanna cruinnithe/oiliúna
Páirceáil fhairsing
Braisle fiontair bhríomhar
Spás roinnte do sholáistí & Áiseanna ar leithligh

An bhfuil timpeallacht oibre uait atá solúbtha/nua-aimseartha agus nuálach? Is féidir leat Deasc Shealaíochta aon lae a chur in áirithe ag gteic @Carna.

Praghsanna iomaíocha ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le Carna@gteic.ie nó 095 32688

San áireamh sa phraghas tá:

  • Deasc (Luan-Aoine, 9am – 5pm),
  • Rochtain WiFi ardluais,
  • Suas le 1000MBps nascacht líne fhosaithe x 2 phort,
  • Fáil ar áit ar leithligh/spás sólaistí atá fairsing agus lánfheistithe,
  • Spás oibre atá lonnaithe i dtimpeallacht slán oibre.

Tabhair d’aire:

  • Caithfidh úsáideoirí a ríomhairí féin a thabhairt leo.
  • Is féidir áirithintí a dhéanamh trí theagmháil a dhéanamh le Carna@gteic.ie, 095 32688 32688 nó bualadh isteach chugainn.

Glac ballraíocht i bpobal gteic agus cur deasc d’obair chomhionaid fhadtréimhseach in áirithe
*Conradh 3 mhí ar a laghad

Praghsanna iomaíocha ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le Carna@gteic.ie nó 095 32688

San áireamh sa phraghas tá:

  • Deasc thiomnaithe,
  • Rochtain Wifi ardluais,
  • Suas le 1000MBps nascacht líne fhosaithe x 2 phort,
  • Fáil ar áit ar leithligh/spás sólaistí atá fairsing agus lánfheistithe ,
  • Fáil ar an áis le fáinne eochrach slán,
  • Seoladh Gnó,
  • Táillí fóntais san áireamh sa ráta,
  • Rochtain lascainithe ar áiseanna físchomhdhála, cruinnithe & traenála,
  • Fáil ar cheardlanna & gníomhaíochtaí,
  • Rochtain ar sheirbhísí meantóireachta agus tacaíochta Údarás na Gaeltachta,
  • Rochtain fiche ceathair uair an chloig seacht lá na seachtaine,
  • Seomraí ar leithligh do chruinnithe príobháideacha,
  • Ball de phobal digiteach bríomhar agus gníomhach gteic.

Láthair

Tá gteic@Carna lonnaithe i gConamara Theas ar chósta iarthar an hÉireann, 73km ó chathair na Gaillimhe, 38km ón gClochán agus 25km ó Chloch na Rón

Sonraí Teagmhála

Bainisteoir : Tá gteic@Carna á bhainistiú ag Forbairt Chonamara Láir Teo. thar cheann Údarás na
Gaeltachta.
Seoladh: gteic @Carna,
Roisín na Manach,
Carna.
H91 Y295
Guthán: 095 32688
Rphost: Carna@gteic.ie