@Béal Átha an Ghaorthaidh

Tá gteic @Béal Átha an Ghaorthaidh lonnaithe ar Pháirc Ghnó an Údaráis i mBéal Átha an Ghaorthaidh i nGaeltacht Chorcaí. Is mol nuálaíochta & digiteach den chineál is nua-aimseartha é, áit ina mbeidh cultúr uathúil na Gaeltachta ag cur cruthaitheacht agus nuálaíocht chun cinn. Tá gteic @Baile Átha an Ghaorthaidh ina chuid de gteic Gréasán Digiteach na Gaeltachta agus mar chuid d’éiceachóras digiteach atá ag dul i méid, áit ina mbeidh moil i 31 láthair Ghaeltachta ar fud na tíre nuair a bheidh an togra tugtha chun críche.

Cad é féin?

Más ríomhoibrí, forbróir coincheapa, cumadóir, comhlacht nua-bhunaithe, scálaithe nó comhlacht meánmhéide tú, is féidir ár spásanna lánfheistithe a chur in oiriúint do do chuid riachtanas go héasca.

Béal Átha an Ghaorthaidh
Deasc shealaíochta
Spás oibre chomhionaid
Aonaid ghorlainne
Spás oifige príobháideach
Timpeallacht oibre slán
Rátaí cíosa iomaíocha
Cumas leathanbhanda 1000MBps
Wifi ardluais
Seomra comhdhála
Áiseanna físchomhdhála
Spásanna cruinnithe/oiliúna
Páirceáil fhairsing
Braisle fiontair bhríomhar
Spás roinnte do sholáistí & Áiseanna ar leithligh
DEASC SHEALAÍOCHTA (BEIR LEAT DO RÍOMHAIRE FÉIN)

An bhfuil timpeallacht oibre uait atá solúbtha/nua-aimseartha agus nuálach? Is féidir leat Deasc Shealaíochta aon lae a chur in áirithe ag gteic @Baile Átha an Ghaorthaidh.

Praghsanna iomaíocha ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le BAanG@gteic.ie

San áireamh sa phraghas tá:

  • Deasc (Luan-Aoine, 9am – 5pm),
  • Rochtain WiFi ardluais,
  • Suas le 1000MBps nascacht líne fhosaithe x 2 phort,
  • Fáil ar áit ar leithligh/spás sólaistí atá fairsing agus lánfheistithe,
  • Spás oibre atá lonnaithe i dtimpeallacht slán oibre.

Tabhair d’aire:

  • Caithfidh úsáideoirí a ríomhairí féin a thabhairt leo.
  • Is féidir áirithintí a dhéanamh trí theagmháil a dhéanamh le BAanG@gteic.ie.
DÉAN IARRATAS AR DO DHEASC D’OBAIR CHOMHIONAID

Glac ballraíocht i bpobal gteic agus cur deasc d’obair chomhionaid fhadtréimhseach in áirithe
*Conradh 3 mhí ar a laghad

Praghsanna iomaíocha ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le BAanG@gteic.ie

San áireamh sa phraghas tá:

  • Deasc thiomnaithe,
  • Rochtain Wifi ardluais,
  • Suas le 1000MBps nascacht líne fhosaithe x 2 phort,
  • Fáil ar áit ar leithligh/spás sólaistí atá fairsing agus lánfheistithe ,
  • Fáil ar an áis le fáinne eochrach slán,
  • Seoladh Gnó,
  • Táillí fóntais san áireamh sa ráta,
  • Rochtain lascainithe ar áiseanna físchomhdhála, cruinnithe & traenála,
  • Fáil ar cheardlanna & gníomhaíochtaí,
  • Rochtain ar sheirbhísí meantóireachta agus tacaíochta Údarás na Gaeltachta,
  • Rochtain fiche ceathair uair an chloig seacht lá na seachtaine,
  • Seomraí ar leithligh do chruinnithe príobháideacha,
  • Ball de phobal digiteach bríomhar agus gníomhach gteic.
SPÁS OIFIGE PRÍOBHÁIDEACH

Bunaigh do ghnó i gteic agus bain leas as áis chruthaitheach agus bhríomhar
Rátaí cíosa iomaíocha agus socruithe léasaithe solúbtha ar iarratas.
*Tá coinníollacha conartha 24 mí ar a laghad i bhfeidhm do gach iarratasóir.

Praghsanna iomaíocha ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le BAanG@gteic.ie

San áireamh sa phraghas tá:

  • Spás oifige tiomnaithe lánfheistithe & le seirbhísí,
  • Rochtain Wifi ardluais,
  • Aonaid ghorlainne atá idir 16m2 agus 205m2 i méid,
  • Suas le 1000MBps nascacht líne fhosaithe x 2 phort,
  • Fáil ar áit ar leithligh/spás sólaistí atá fairsing agus lánfheistithe,
  • Fáil ar an áis le fáinne eochrach slán,
  • Seoladh Gnó,
  • Rochtain lascainithe ar áiseanna físchomhdhála, cruinnithe & traenála,
  • Fáil ar cheardlanna & gníomhaíochtaí,
  • Tacaíocht ghnó ó Údarás na Gaeltachta,
  • Rochtain 24/7,
  • Fáil ar sheomraí ar leithligh do chruinnithe príobháideacha,
  • Ball de phobal digiteach bríomhar agus gníomhach gteic.

Láthair

Tá Béal Átha an Ghaorthaidh 60km ó chathair Chorcaí agus 65km ó Aerfort Chorcaí, 24km ó Mhaigh Chromtha agus 48km ó Chill Áirne.

Sonraí Teagmhála

Bainisteoir : Caroline Ní Nualláin
Seoladh: gteic @Baile Átha an Ghaorthaidh,
Páirc Ghnó Bhéal Átha an Ghaorthaidh,
Maighchromtha,
Co. Chorcaí.
P12  PX22
Guthán: 083 191 5432
Rphost: BAanG@gteic.ie