Dearbháin Nuálaíochta

Céard é an Tionscnamh Dearbhán Nuálaíochta

Má tá cónaí ort sa Ghaeltacht, más úinéir nó bainisteoir tú ar chuideachta theoranta bheag agus go bhfuil tú ag iarraidh deis gnó nó constaic a fhiosrú, is féidir leat iarratas ar Dhearbhán Nuálaíochta €5,000 a dhéanamh ar Údarás na Gaeltachta. Is féidir an dearbhán a mhalartú chun comhairle agus saineolas a fháil ó na soláthróirí eolais atá páirteach (ollscoileanna, institiúidí teicneolaíochta nó eagraíochtaí taighde atá maoinithe go poiblí).

Na húsáidí gur féidir a bhaint as an Dearbhán Nuálaíochta?
  • Iniúchadh nuálaíochta nó teicneolaíochta ar do ghnó
  • Oiliúint saincheaptha i mBainistíocht Nuálaíocht
  • Forbairt samhail gnó nua
  • Seachadadh seirbhís nua agus idirphlé le custaiméirí
  • Forbairt seirbhís nua
  • Tástáil táirge agus seirbhíse agus measúnú ar an tionchar ar an ngeilleagar
  • Iniúchadh éifeachta agus athrú próisis
  • Bainistiú an tslabhra soláthair agus loighistic

Trí bheith páirteach i dtionscnamh na nDearbhán Nuálaíochta, is féidir leat díriú ar do ghnó a rith fad a bhíonn na soláthróirí eolais ag teacht ar réiteach a d’fhéadfadh do ghnó a thabhairt chuig an gcéad leibhéal eile.

Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh?

Tá gach cuideachta theoranta bheag sa Ghaeltacht atá cláraithe i dteideal iarratas a dhéanamh ar Dhearbhán Nuálaíochta. (Sainítear fiontar beag mar fhiontar a bhfuil níos lú ná 50 fostaí ann agus a bhfuil a láimhdeachas bliantúil agus/nó iomlán a Chlár Comhardaithe bliantúil faoi bhun €10m). Níl d’eisceacht ar sin ach fiontair bheaga sna hearnálacha iompair agus feirmeoireachta, faoi réir na dtreoirlínte do Chabhair Stáit.

Is féidir leat chomh maith dul isteach le gnóthaí beaga eile atá ag fáil Dearbhán Nuálaíochta chun oibriú le soláthróir eolais le réiteach a fháil ar cheisteanna a bheadh comónta dóibh uile. Tá uasmhéid de dheich gcuideachta i gceist anseo.

Cén chaoi a ndéantar iarratas?

Chun iarratas a dhéanamh, gliogáil anseo.

Na soláthróirí eolais

Is féidir le cuideachtaí dul i dteagmháil le haon Institiúid Teicneolaíochta, Ollscoil nó eagraíocht taighde a fhaigheann maoiniú poiblí ar choinníoll go bhfuil na comhlachtaí taighde sin sásta a bheith páirteach i dtionscnamh na nDearbhán Nuálaíochta. Chun féachaint ar liosta de na soláthróirí eolais atá rannpháirteach gliogáil anseo.

Ní mór don soláthróir eolais agus don chuideachta a chinntiú freisin go mbeidh gach comhaontú, mar shampla, comhaontaithe a chlúdaíonn an clár oibre, na costais, neamhnochtadh agus maoin intleachtúil, sínithe ag an dá pháirtí sula gcuirtear tús leis an tionscadail.

Céard é costas iomlán an tionscadail?

Is é luach an dearbháin ná €5,000 agus úsáidtear é chun costais iomlán an tionscadail mar atá aontaithe idir an chuideachta agus an soláthróir eolais a chúiteamh. Sa chás is go mbíonn na costais deiridh os cionn €5,000, íocfaidh an chuideachta an fuílleach.

Nuair a bheidh an clár oibre críochnaithe, cuirfidh an soláthróir eolais sonrasc chuig an gcuideachta i dtaca leis an gclár oibre a bhí aontaithe. Ansin tabharfaidh an chuideachta an dearbhán ar láimh mar aon le haon airgead breise a bheidh ag teastáil chun an sonrasc a íoc. Ina dhiaidh sin, cuirfidh an soláthróir eolais an dearbhán ar aghaidh chuig Údarás na Gaeltachta mar aon le tuairisc ghairid faoin tionscadail chun aisíoc €5,000 a fháil ar an dearbhán.

Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil an Dearbhán Nuálaíochta saor ó CBL. 

An féidir le cuideachta níos mó ná dearbhán amháin a úsáid?

Is féidir le cuideachta úsáid a bhaint as an Tionscnamh Dearbhán Nuálaíochta chomh minic agus is gá. Ní féidir le cuideachta, áfach, ach dearbhán ‘gníomhach’ amháin a úsáid ag aon am. Bíonn dearbhán ‘neamhghníomhach’ nuair a bhíonn gníomhaíocht an tionscadail críochnaithe agus an dearbhán curtha ar ais ag an soláthróir eolais chuig Údarás na Gaeltachta. Nuair a bhíonn an dearbhán ‘neamhghníomhach’ is féidir le cuideachta cur isteach ar dhearbhán eile do thionscadal nuálaíochta nua. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach dtabharfaidh Údarás na Gaeltachta an dara dearbhán i leith gníomhaíocht a fuair maoiniú roimhe sin.

Cén uair gur féidir liom iarratas a dhéanamh?

Níl aon ghlaoch d’iarratais fógartha faoi láthair.

IARRTAR ORT, LE DO THOIL, ÚDARÁS NA GAELTACHTA A CHUR AR AN EOLAS NUAIR ATÁ TÚS CURTHA LEIS AN TIONSCADAL A BHFUIL TÚ AG ÚSÁID AN DEARBHÁIN NUÁLAÍOCHTA INA LEITH. IS FÉIDIR SIN A DHÉANAMH TRÍ RÍOMHPHOST GAIRID A CHUR CHUIG dn@udaras.ie INA MBEIDH AINM DO SHOLÁTHRÓIR EOLAIS AGUS DÁTA TOSAITHE AN TIONSCADAIL.

Más mian leat dul i dteagmháil le bainisteoir an tionsnaimh Dearbhán Nuálaíochta nó má tá deacrachtaí agat saineolas ábhartha a aimsiú, seol r-phost chuig dn@udaras.ie nó glaoigh ar 091 503100.