Siobhán Seoighe

Seoladh:
Coláiste Phádraig
Droim Conrach
Baile Átha Cliath 9.
Fón: 01-8842323
Cheap an tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Siobhán Seoighe ar Bhord an Údaráis i Mí Meitheamh 2015. Tiocfaidh deireadh lena téarma ar an 19 Samhain 2017.
Is as Ghaeltacht Ráth Chairn i gContae na Mí ó dhúchais í Siobhán Seoighe.Tá sí ag obair i gColáiste Phádraig agus in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ( DCU ) mar Oifigeach Gaeilge.
Tá bun chéim ag Siobhán sa Nua-Ghaeilge agus sa Luath-Ghaeilge ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tá Máistreacht aici sa Nua-Ghaeilge ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus teastas i mBainistíocht Tionscadail and Nuálaíocht. Tá réimsí leathan taithí aici agus d’oibrigh sí mar Bhainisteoir Forbartha Gnó le Gaelchultúr, Bhainisteoir Imeachta ar Rith Teo agus mar Fheidhmeannach leis An Foras Pátrúnachta. I 2011 d’fhoilsigh Glór na nGael leabhar léi ‘Ráth Chairn na Gréine: Bailiúcháin amhrán agus dánta ó Ghaeltacht Ráth Chairn 1935 – 2011’. Ó 2013 tá sí mar bhall de Chomhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta.
De réir mar a leagadh síos i mír 12 den Chéad Sceideal den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, íoctar le comhaltaí den Údarás, as cistí an Údaráis, luach saothair agus liúntais a chinneann an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ó am go ham le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Is ionann na táillí seo agus na rátaí atá leagtha síos ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe do chomhlachtaí Stáit atá i gCatagóir B ag an Roinn sin.
Bunaithe ar threoir ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (2011) maidir le híocaíocht táillí le seirbhísigh phoiblí atá mar chomhaltaí de bhoird stáit, ní íoctar táille leis an gComhalta seo.
