Seosamh Ó Laoi

Seoladh:
Baile an tSagairt
An Spidéal
Co. na Gaillimhe
Fón: 087 2739909
R-phost: Seol r-phost
Ar ainmniúchán ó Chomhairle Contae na Gaillimhe faoi Acht na Gaeltachta 2012, cheap an tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Seosamh Ó Laoi ar an Údarás in 2012 do théarma cúig bliana go 19 Samhain 2017.
Is ón Spidéal, Co. na Gaillimhe ó dhúchas é Seosamh. Bhí sé ina Chomhairleoir Contae le Comhairle Contae na Gaillimhe ó 2011-2014
De réir mar a leagadh síos i mír 12 den Chéad Sceideal den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, íoctar le comhaltaí den Údarás, as cistí an Údaráis, luach saothair agus liúntais a chinneann an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ó am go ham le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Is ionann na táillí seo agus na rátaí atá leagtha síos ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe do chomhlachtaí Stáit atá i gCatagóir B ag an Roinn sin.
Tá táille chaighdeánach bhliantúil do Chomhalta den Údarás, €11,970, á íoc leis.
