Seán Ó Cuireáin

Seoladh:
Baile an Teampaill
An Fálcarrach
Co. Dhún na nGall
Fón: 086 8186035
R-phost: Seol r-phost
Cheap an tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Seán Ó Cuireáin ar bhord Údarás na Gaeltachta in 2012 do théarma cúig bliana go 19 Samhain 2017.
Tá Seán ina chónaí ar an Fhál Carrach, Co. Dhún na nGall agus tá sé ina dhlíodóir agus bainisteoir ar Ionad Saorálaí Dhún na nGall.
De réir mar a leagadh síos i mír 12 den Chéad Sceideal den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, íoctar le comhaltaí den Údarás, as cistí an Údaráis, luach saothair agus liúntais a chinneann an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ó am go ham le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Is ionann na táillí seo agus na rátaí atá leagtha síos ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe do chomhlachtaí Stáit atá i gCatagóir B ag an Roinn sin.
Tá táille chaighdeánach bhliantúil do Chomhalta den Údarás, €11,970, á íoc leis.
