Séamus Mac Gearailt

Seamus-Cosai-Mac-Gearailt

Seoladh:
Droichead Bán
Na Gleannta
Daingean Uí Chúis
Co. Chiarraí

R-phost: Seol r-phost

Toghadh Séamus Chosaí Mac Gearailt ar bhord Údarás na Gaeltachta don chéad uair i 1999 agus bhí sé ina chomhalta tofa ar an Údarás go 30 Meán Fómhair 2012. Ar ainmniúchán ó Chomhairle Contae Chiarraí faoi Acht na Gaeltachta 2012, cheap an tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta é ar an Údarás in 2012 do théarma cúig bliana go 19 Samhain 2017.

Is feirmeoir é Séamus agus tá sé ina Chomhairleoir Contae le Comhairle Contae Chiarraí.

De réir mar a leagadh síos i mír 12 den Chéad Sceideal den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, íoctar le comhaltaí den Údarás, as cistí an Údaráis, luach saothair agus liúntais a chinneann an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ó am go ham le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Is ionann na táillí seo agus na rátaí atá leagtha síos ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe do chomhlachtaí Stáit atá i gCatagóir B ag an Roinn sin.

Tá táille chaighdeánach bhliantúil do Chomhalta den Údarás, €11,970, á íoc leis.