Pádraig Ó hAinifín

Seoladh:
Binn Bán
Daingean Uí Chúis
Co. Chiarraí
Fón póca: 086 2241064
Cheap an tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Pádraig Ó hAinifín ar bhord Údarás na Gaeltachta in 2012 do théarma cúig bliana go 19 Samhain 2017.
Is paraimhíochaineoir é Pádraig agus bhí sé ina chathaoirleach ar Chumann Otharcharr na hÉireann idir 2000 agus 2008.
De réir mar a leagadh síos i mír 12 den Chéad Sceideal den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, íoctar le comhaltaí den Údarás, as cistí an Údaráis, luach saothair agus liúntais a chinneann an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ó am go ham le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Is ionann na táillí seo agus na rátaí atá leagtha síos ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe do chomhlachtaí Stáit atá i gCatagóir B ag an Roinn sin.
Bunaithe ar threoir ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (2011) maidir le híocaíocht táillí le seirbhísigh phoiblí atá mar chomhaltaí de bhoird stáit, ní íoctar táille leis an gComhalta seo.
