Fiachra Ó Céilleachair

Seoladh:
15 Bealach Montelado
Cluain Feirme
Bóthar Dhún Mór
Port Láirge
Fón: 087 2220235
Toghadh Fiachra Ó Céilleachair ar bhord Údarás na Gaeltachta don chéad uair i 1999 agus bhí sé ina chomhalta tofa ar an Údarás go 30 Meán Fómhair 2012. Cheap an tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta é ar bhord Údarás na Gaeltachta in 2012 do théarma cúig bliana go 19 Samhain 2017.
Idir 1997 agus 2009, d’fhreastail Fiachra ar Chomhairle Chontae Phort Láirge agus Comhairle Bhaile Dhún Garbhán. Is Oifigeach Cumarsáide le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte é.
De réir mar a leagadh síos i mír 12 den Chéad Sceideal den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, íoctar le comhaltaí den Údarás, as cistí an Údaráis, luach saothair agus liúntais a chinneann an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ó am go ham le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Is ionann na táillí seo agus na rátaí atá leagtha síos ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe do chomhlachtaí Stáit atá i gCatagóir B ag an Roinn sin.
Bunaithe ar threoir ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (2011) maidir le híocaíocht táillí le seirbhísigh phoiblí atá mar chomhaltaí de bhoird stáit, ní íoctar táille leis an gComhalta seo.
