Eunan Mac Cuinneagáin

Seoladh:
WESTBIC
Ionad Forbartha Gnó
Fiontarlann
Cill Charthaigh
Co. Dhún na nGall
Fón: 087 2523340
Cheap an tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Eunan Mac Cuinneagáin ar bhord Údarás na Gaeltachta in 2012 do théarma cúig bliana go 19 Samhain 2017.
Is as an Charraig i gCo. Dhún na nGall é Eunan. Tá sé ina bhainisteoir Réigiúnach le WESTBIC i gCill Charthaigh.
De réir mar a leagadh síos i mír 12 den Chéad Sceideal den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, íoctar le comhaltaí den Údarás, as cistí an Údaráis, luach saothair agus liúntais a chinneann an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ó am go ham le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Is ionann na táillí seo agus na rátaí atá leagtha síos ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe do chomhlachtaí Stáit atá i gCatagóir B ag an Roinn sin.
Tá táille chaighdeánach bhliantúil do Chomhalta den Údarás, €11,970, á íoc leis.
