Daithí Alcorn

Daithi-Alcorn

Seoladh Poist:
Leac Aonach
Ailt an Chorráin
Co. Dhún na nGall

Teileafóin: 074 9542087
Fón Póca: 086 6086231

Ríomhphost:Seol r-phost

Toghadh Daithí Alcorn ar bhord Údarás na Gaeltachta i 1994 don chéad uair agus bhí sé ina chomhalta tofa ar an Údarás go 30 Meán Fómhair 2012. Ar ainmniúchán ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall faoi Acht na Gaeltachta 2012, cheap an tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta é ar an Údarás don tréimhse 16 Lúnasa 2013 go 19 Samhain 2017.

Bhí sé ina chomhairleoir ar Chomhairle Chontae Dhún na nGall go dtí 2014. Go dtí 2009 bhí sé ina bhall d’Fhóram Réigiúnach Sláinte an Iarthair. Tá Daithí ina bhall de L.A.M.A.

De réir mar a leagadh síos i mír 12 den Chéad Sceideal den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, íoctar le comhaltaí den Údarás, as cistí an Údaráis, luach saothair agus liúntais a chinneann an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ó am go ham le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Is ionann na táillí seo agus na rátaí atá leagtha síos ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe do chomhlachtaí Stáit atá i gCatagóir B ag an Roinn sin.

Tá táille chaighdeánach bhliantúil do Chomhalta den Údarás, €11,970, á íoc leis.