Anna Ní Ghallachair

Seoladh:
Ionad na dTeangacha
Ollscoil na hÉireann Má Nuad
Má Nuad
Co. Chill Dara
Fón: 01 7083682
Cheap an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Anna Ní Ghallachair mar Chathaoirleach ar bhord Údarás na Gaeltachta in 2012 do théarma cúig bliana go 19 Samhain 2017.
Tá Anna ina Léachtóir Sinsearach agus ina Déan Comhlach ar Dhámh na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na Fealsúnachta in Ollscoil Éireann, Má Nuad. Is stiúrthóir í Anna ar Ionad na dTeangacha, OÉ Má Nuad. Tá thar 35 bliain de thaithí aici ag plé le foghlaim agus teagasc na dteangacha: Fraincis, Gearmáinis agus Gaeilge. Ó 2010 – 2013, bhí Anna ina Cathaoirleach ar Chomhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta.
De réir mar a leagadh síos i mír 12 den Chéad Sceideal den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, íoctar le comhaltaí den Údarás, as cistí an Údaráis, luach saothair agus liúntais a chinneann an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ó am go ham le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Is ionann na táillí seo agus na rátaí atá leagtha síos ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe do chomhlachtaí Stáit atá i gCatagóir B ag an Roinn sin.
Bunaithe ar threoir ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (2011) maidir le híocaíocht táillí le seirbhísigh phoiblí atá mar chomhaltaí de bhoird stáit, ní íoctar táille leis an gComhalta seo.
