Nósanna Imeachta le Gearán a Dhéanamh

Dá dtarlódh sé go dteastódh uait gearán a dhéanamh maidir leis an tseirbhís a fuair tú ó Údarás na Gaeltachta, tugtar breac-chuntas anseo ar na nósanna imeachta chun do chearta a léiriú.

An Comhthéacs Ginearálta

Baineann struchtúr daonlathach le Bord an Údaráis, agus aithnítear ról Chomhaltaí an Údaráis maidir leis an bpobal a choinneáil ar an eolas i dtaobh beartas, pleananna, dul chun cinn agus feidhmiú an Údaráis. Aithnítear freisin go bpléann daoine sa phobal gnó an Údaráis leo dá réir sin. Is é atá i gceist anseo, áfach, ná córas na heagraíochta féin chun déileáil le gearáin a dhéanann cliaint dá chuid nó daoine sa phobal.

Céard is Gearán ann?

Is féidir gearán a bheith ann más rud é go ndéantar cinneadh nó beart a bhaineann le gnóthaí an Údaráis nó le comhlíonadh feidhme dá chuid, a ndeirtear ina leith nach bhfuil sé de réir rialacha, chleachtas nó pholasaí na heagraíochta, nó nach bhfuil sé de réir phrionsabal na córa agus na cothroime agus dea-chleachtas riaracháin, nó má mheastar go ndéanann sé dochar don duine lena mbaineann, nó má mheasann gearánaí gur déileáladh leis/léi ar bhealach míchuirtéiseach, mímhúinte, giorraisc nó borb. Tarlaíonn roinnt gearán mar gheall ar chliseadh cumarsáide agus de ghnáth is féidir a leithéid a réiteach go tapa ach na fíorais a scrúdú agus a shoiléiriú. Tá sé tábhachtach, mar sin féin, go bhfeidhmítear córas cóir chun deis a thabhairt do dhaoine gearáin a chur i láthair na heagraíochta le déileáil go héifeachtach leo.

Má Tharlaíonn Gearán

Is ceart don fhoireann iarracht a dhéanamh gearáin a réiteach go tapa agus go múinte ag an bpointe teagmhála. Mura bhfuil an gearánaí sásta, is ceart cúnamh a iarraidh ar oifigeach níos sinsearaí chun iarracht a dhéanamh an t-ábhar a réiteach. Mura n-éiríonn leis an iarracht sin, is ceart an gearán a chur chuig Rúnaí an Údaráis chun iarracht a dhéanamh an t-ábhar a réiteach, nó sa chás gur gearán in aghaidh an Rúnaí a bhíonn i gceist, chuig an bPríomhfheidhmeannach.

Glacadh le Gearán Foirmiúil agus é a Chlárú

Mura bhfuil an gearánaí sásta fós, is ceart an modh imeachta le haghaidh gearán foirmiúil a chur i bhfeidhm mar a leanas:

1. Is ceart gach gearán foirmiúil a chur chuig an Rúnaí (nó i gcás gearáin in aghaidh an Rúnaí, chuig an bPríomhfheidhmeannach). Is ceart a iarraidh ar an ngearánaí an gearán a dhéanamh i scríbhinn (mura bhfuil sé sin déanta cheana féin). Is ceart aird ar leith a thabhairt ar chabhrú le gearánaithe atá faoi mhíchumas nó a bhfuil deacrachtaí litearthachta acu le linn dóibh a ngearán a thaifeadadh.

2. Déanfaidh an Rúnaí/an Príomhfheidhmeannach an gearán a chlárú agus a admháil i scríbhinn laistigh de chúig lá oibre ón dáta a bhfuarthas é.

3. Déileálfar go discréideach le gach gearán, faoi réir go gcaithfear fiosrúchán a dhéanamh i dtaobh na bhfíoras a bhaineann leis.

4. Is ceart a rá le gearánaí i ngach cás go bhfuiltear ag déileáil go dáiríre leis an ngearán ar bhealach cuí, cothrom agus neamhchlaonta.

Ag Freagairt Gearáin

5. Déanfar tuairisc scríofa faoi ábhar an ghearáin a iarraidh ar an duine/na daoine iomchuí den fhoireann.

6. Ina theannta sin, iarrfaidh an Rúnaí/an Príomhfheidhmeannach tuairisc maidir leis an ngearán ar Bhainisteoir na Rannóige iomchuí, má oireann sa chás.

7. Más cuí, pléifidh an Rúnaí/an Príomhfheidhmeannach gearán leis an bhfoireann iomchuí.

8. Eiseoidh an Rúnaí/an Príomhfheidhmeannach freagra iomlán chuig an ngearánaí tráth nach déanaí ná 28 lá tar éis an gearán a fháil, nó tráth réasúnta is déanaí ná sin más cás casta é.

9. Mura bhfuil sé indéanta an sprioc 28 lá a shroicheadh, eiseoidh an Rúnaí/an Príomhfheidhmeannach litreacha eatramhacha gach 28 lá ar a laghad chun an gearánaí a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn.

10. I gcás ina bhfíoraítear gearán, eiseofar leithscéal agus beidh cumhacht ag an Rúnaí, le toiliú an Phríomhfheidhmeannaigh, sásamh nó leigheas de chineál oiriúnach a thairiscint.

11. Déanfar toradh gearáin a chur in iúl don lucht bainistíochta agus don fhoireann iomchuí.

12. I gcás tromchúiseach, má mheasann gearánaí fós go bhfuil éagóir á déanamh, is féidir achomharc a dhéanamh chuig Cathaoirleach an Údaráis.

Ag Foghlaim ó Ghearáin

13. Is féidir leis an Rúnaí/leis an bPríomhfheidhmeannach straitéisí a mholadh, nó moltaí maidir le straitéisí a lorg, chun feabhas a chur ar an tseirbhís don phobal.

14. Sa chás go n-éireodh gearáin go rialta i dtaca le hábhar ar leith ba ghá don Rúnaí/don Phríomhfheidhmeannach athbhreithniú a dhéanamh ar oibriú an réimse lena mbainfeadh an t-ábhar.

15. Fad a bhíonn gearáin fhoirmiúla á bhfiosrú, déanfaidh an Rúnaí tuarascáil faoi ghearáin fhoirmiúla a fhaightear a ullmhú le cur faoi bhráid Cruinnithe Ardbhainistíochta gach mí.

16. Faoinár gCairt Chliaint déantar meastóireacht ar ár dtiomantas seirbhíse lena chinntiú go gcuirtear an tseirbhís is fearr ar fáil agus foilsímid ráiteas ina leith i dTuarascáil Bhliantúil an Údaráis. Cuirfear an Nós Imeachta seo maidir le Gearáin san áireamh sa mheastóireacht sin.

17. Tabharfar poiblíocht faoin gCód Cleachtais do Chúram Cliaint agus faoin Nós Imeachta maidir le Gearáin in ábhar eolais an Údaráis.

Oifig an Ombudsman do Leanaí

Más leanbh nó duine óg faoi 18 mbliana d’aois nó duine fásta tú a bhfuil aithne agat ar leanbh a mothaíonn tú go bhfuiltear ag caitheamh go míchothrom leis, nó mura bhfuil tú sásta lenár gcinneadh maidir le do ghearán, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hOifig an Ombudsman do Leanaí. De réir dlí, is féidir le hOifig an Ombudsman do Leanaí gearáin maidir le haon cheann dár ngníomhaíochtaí nó nósanna imeachta riaracháin a imscrúdú mar aon le moill nó easpa gníomh in aon déileálacha linn. Soláthraíonn an tOmbudsman do Leanaí seirbhís láimhseála gearán atá neamhchlaonta, neamhspleách agus saor in aisce.

Seo a leanas na sonraí teagmhála:

Oifig an Ombudsman do Leanaí
52-56 Great Strand St
Baile Átha Cliath 1

Saorghlao: 1800 20 20 40
ococomplaint@oco.ie
www.oco.ie

Sonraí Teagmhála

Más mian leat gearán a dhéanamh faoi aon ghnó a bhaineann le hÚdarás na Gaeltachta déan teagmháil leis:

An Runaí,
Údarás na Gaeltachta,
Na Forbacha,
Co. na Gaillimhe.
Fón: 091 503100.
Ríomhphost: gearain@udaras.ie

Sa chás go bhfuil gearán á dhéanamh faoin Rúnaí deán teagmháil leis:

An Príomhfheidhmeanach,
Údarás na Gaeltachta,
Na Forbacha,
Co. na Gaillimhe.
Teil: 091 503100.
Ríomhphost: pf@udaras.ie