Fíricí Gasta
Seo a leanas roinnt fíricí a bhaineann le hÚdarás na Gaeltachta.
Ceantair Ghaeltachta na hÉireann
Clúdaíonn an Ghaeltacht codanna leathana de chontaetha Dhún na nGall, Mhaigh Eo, Ghaillimh agus Chiarraí – iad uile ar an gcósta thiar – chomh maith le codanna de chontaetha Chorcaí, na Mí agus Phort Láirge.
Céard is brí le Gaeltacht?
Úsáidtear an téarma ‘Gaeltacht’ chun na ceantair sin in Éirinn ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga an phobail, a chur in iúl.
Daonra na Gaeltachta
Is é daonra iomlán na Gaeltachta ná 100,716 (Daonáireamh 2011). Tá thart ar 15,299 den daonra seo ina gcónaí laistigh de bhruachbhailte nua chathair na Gaillimhe. Seo a leanas briseadh síos dhaonra na Gaeltachta de réir ceantar (Daonáireamh 2011).
Dún na nGall | 24,744 |
Maigh Eo | 10,866 |
Gaillimh | 48,907 |
Ciarraí | 8,729 |
Corcaigh | 3,895 |
Port Láirge | 1,784 |
An Mhí | 1,771 |
Iomlán | 100,716 |
Foinse: An Phríomhoifig Staidreamh 2011.
Údarás na Gaeltachta
Is é Údarás na Gaeltachta an t-údarás forbartha réigiúnach atá maoinithe ag an Rialtas chun forbairt teanga, chultúir, shóisialta, fhisiciúil agus eacnamaíoch na Gaeltachta a chur chun cinn. Tá sé mar mhóraidhm aige an Ghaeilge a chothú mar theanga phobail an réigiúin. Bunaíodh an tÚdarás i 1980 faoin Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, agus feidhmíonn sé faoi Acht na Gaeltachta 2012 freisin anois, agus ag tógáil ar obair a réamhtheachtaí Gaeltarra Éireann (1958-1979).
Bord Údarás na Gaeltachta
Tá 12 comhalta ar bhord an Údaráis. De réir an Achta um Údarás na Gaeltachta, 1979, arna leasú le hAcht na Gaeltachta 2012, ceapann an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta na comhaltaí boird ar feadh tréimhse nach faide ná cúig bliana, cúigear díobh ar ainmniúcháin ó chomhairlí contae as contaetha ina bhfuil Gaeltacht lonnaithe.
Príomhfheidhmeannach
Is é Micheál Ó hÉanaigh an Príomhfheidhmeannach atá ar Údarás na Gaeltachta faoi láthair.
Líon daoine fostaithe i gcliant-tionscadail de chuid an Údaráis (deireadh 2013)
Ag deireadh 2013, bhí 6,969 duine fosaithe go lánaimseartha.
Briseadh síos ar fhostaíocht lánaimseartha de réir an cheantair Ghaeltachta (deireadh 2013)
Dún na nGall | 1,942 |
Maigh Eo | 728 |
Gaillimh | 2,741 |
Ciarraí | 683 |
Corcaigh | 577 |
Port Láirge | 131 |
An Mhí | 167 |
Iomlán | 6,969 |
Fostaíocht de réir earnála (deireadh 2013)
Acmhainní Nádúrtha | 552 |
Bia | 1,130 |
Déantúsaíocht Eile | 1,540 |
Éadach/Teicstíl | 283 |
Innealtóireacht | 686 |
Seirbhísí | 2,778 |
Iomlán | 6,969 |