Telegael Teo

Ainm an Chomhlachta

Telegael Teo

Suíomh

An Spidéal, Gaillimh

Dátaí

Cúnamh leanúnach ó 1988 i leith.

Tionscadal

Bunaíodh an máthairchomhlacht Telegael Teoranta i 1988 mar chomhfhiontar idir Raidió Teilifís Éireann, Údarás na Gaeltachta le Pól Ó Cuimín mar Stiúrthóir Bainistíochta. Comhlacht ag soláthar seirbhísí iarléiriúcháin a bhí ann le triúr fostaí. Bunaíodh an comhlacht mar chéim straitéiseach i bhforbairt na hearnála closamhairc sa Ghaeltacht ach go háirithe i nGaeltacht Chois Fharraige.

Tá an comhlacht anois mar cheann de na comhlachtaí is mó sa tír ó thaobh léiriúcháin teilifíse agus cartúin de. I measc na ngníomhaíochtaí a bhíonn idir lámha ag an gcomhlacht tá: –

  • Áiseanna léiriúcháin, iar-léiriúcháin agus craolacháin seachtracha a chur ar fáil don earnáil léiriúcháin teilifíse in Éirinn agus thar lear
  • Sraitheanna cartúin teilifíse a fhorbairt agus a chomhléiriú don mhargadh idirnáisiúnta
  • Infheistíocht a sholáthar le haghaidh sraitheanna i gcomhar le léiritheoirí/páirtnéirí eile
  • Cláir siamsaíochta, faisnéise agus drámaíochta a fhorbairt don mhargadh baile agus an margadh idirnáisiúnta
  • Leaganacha Gaeilge a dhéanamh do chartúin idirnáisiúnta le haghaidh TG4 & RTÉ
  • Ábhar poiblíochta, oideachais agus oiliúna a léiriú do chliaint phoiblí agus tráchtála

Tá Disney, Discovery Kids, France Television, Super-RTL, KIKA, BBC, Nickelodeon, PBS Sprout and Cartoon Network I measc na cliaint atá ag Telegael. Tá os cionn 600 uair a chloig teilifíse co-léirithe ag Telegael go dtí seo, dáilithe ar fud 140 críocha ar fud an domhain agus aistrigh go 40+ teanga difriúil.

Tá ceannáras Telegael lonnaithe sa Spidéal, Co. na Gaillimhe, áit a bhfuil 70+ duine fostaithe faoi láthair. I 2007 bhunaigh Telegael, Studio Solas Teo i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus páirtnéirí eile chun an stiúideo scannánaíochta a d’fhorbair Roger Corman a cheannach, rud a tharla. Tá 80 duine fostaithe sa stiúideo seo faoi láthair fhad agus atá scannánaíocht ar siúl.