Ag tacú le Comharchumann Forbartha Árann
Ainm an Chomhlachta
Comharchumann Forbartha Árann.
Suíomh
Inis Mór, Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe.
Deontas
Deontas riaracháin, cláracha oiliúna, Taighde agus Forbairt, léas ar an bhfoirgneamh.
Dátaí
Tacaíocht leanúnach ó 1991.
Tionscadal
Bunaíodh Comharchumann Forbartha Árann i 1991, agus cuireann an Comharchumann raon leathan seirbhísí ar fáil do mhuintir an oileáin, mar shampla teach na n-aostach a riaradh, ionad athchúrsála a stiúradh, gníomhaíochtaí fóillíochta, stáisiún díosail a bhunú, agus tacaíocht a chur ar fáil do ghnólachtaí áitiúla. Déanann siad stocaireacht ar an Rialtas freisin chun infreastruchtúr níos fearr agus feabhsuithe eile a dhéanamh. Tá an Comharchumann i gcroílár imeachtaí an phobail.
Tá triúr fostaithe go lán-aimseartha sa Chomharchumann, agus bíonn 50 duine eile páirteach ann chun na himeachtaí agus na hionaid eile a eagrú.
Is comhpháirtí mór sa Chomharchumann é an tÚdarás ón tús. Tugann Údarás na Gaeltachta cúnamh i bhfoirm deontas riaracháin bliaintiúil, cláracha oiliúna agus tacaíocht taighde agus forbartha.
Thóg an tÚdarás Ionad Fiontraíochta i 2005, agus tá an tIonad ar léas ag an gComharchumann ón Údarás. Tá brainse de Leabharlann na Gaillimhe san ionad seo mar aon le hoifigí fiontraíochta.
Torthaí
Deir Cathy Ní Ghoill, bainisteoir an Chomharchumainn: “Táimid ag dul ó neart go neart. Thosaigh rudaí ag tarlú sna blianta tar éis dúinn an Comharchumann a bhunú. Faoi láthair, ní fhéadfainn imeachtaí uilig an Chomharchumainn a liostáil!”
