Téarmaí & Coinníollacha

Sa chuid seo tá eolas faoi Údarás na Gaeltachta do bhaill den phobal

Cóipchirt.

Tá an t-ábhar atá le fáil ar an suíomh gréasáin seo faoi réir cóipchirt de réir an Achta Cóipchirt agus an Achta Cearta Gaolmhara, 2000.

Is féidir an t-ábhar a íoschóipeáil chuig comhad nó chuig printéir le haghaidh úsaide pearsanta amháin.

Maidir leis an ábhar seo a eisiúint chuig daoine eile, ní mór admháil a dhéanamh i leith na foinse (lena n-áirítear URL) agus an stádais cóipchirt. Ní shíneann an cead chun ábhar cóipchirt a atáirgeadh chuig aon ábhar ar an suíomh seo ar ábhar é de chuid tríú páirtí. Ní mór údarú chun ábhar den sórt sin a atáirgeadh a fháil ó na sealbhóirí cóipchirt lena mbaineann.

Tá iarracht déanta ag Údarás na Gaeltachta cóipcheart nó ceart intleachtúil eile de chuid na n-úinéirí cearta a lua i gcás inar cuí sin a dhéanamh. I gcás nár luadh na cearta sin nó gur dearmadadh na cearta sin a lua, déanfaidh Údarás na Gaeltachta, ar fhógra a fháil ina leith, an méid sin a cheartú nó a shlánú ar shlí eile.

Séanadh

Is mar threoir eolais amháin a sholáthraítear an t-ábhar ar na leathanaigh seo. Tá sé mar aidhm acu feabhas a chur ar rochtain phoiblí ar eolas faoi Údarás na Gaeltachta.

Cé go ndearnadh gach dícheall le linn don ábhar a bheith á ullmhú lena fhoilsiú ní ghlacann Údarás na Gaeltachta le haon fhreagracht, ná ní ghlactar le haon fhreagracht thar ceann Údarás na Gaeltachta, as aon earráidí, aon nithe a fágadh ar lár nó aon ráitis mhíthreoracha ar na leathanaigh seo nó ar aon suíomh a bhfuil na leathanaigh seo ceangailte díobh.

In ainneoin go ndéantar gach iarracht chun iontaofacht na suíomh liostaithe a chinntiú ní féidir glacadh leis sin mar thacaíocht do na suímh sin.

Sonraí inrochtaineachta tábhachtacha le haghaidh suíomh gréasáin Údarás na Gaeltachta ar fáil anseo.

Inrochtaineacht

Tógadh an suíomh seo sa chaoi is go mbeadh sé inrochtana do chuairteoirí is cuma cibé cumas.