Údarás na Gaeltachta: Athbhreithniú 2010

24 Eanáir, 2011

nóiméad léite

Ráiteas eisithe ag Seán Ó Labhraí, Príomhfheidhmeannach Gníomhach agus Liam Ó Cuinneagáin, Cathaoirleach, Údarás na Gaeltachta
■ 704 post nua lánaimseartha cruthaithe in 2010
■ Comhlachtaí easpórtála treisithe agus leibhéil fostaíochta coinnithe slán
■ 535 post nua lánaimseartha ceadaithe
■ Ról lárnach ag an Údarás i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge
■ 800 rannpháirtí ar scéimeanna fostaíochta sóisialta le luach €13m don Ghaeltacht
■ Tacaíocht do 70 naíonra Gaeltachta le os cionn 1,000 páiste ag freastal
■ Cúrsaí Gaeilge creidiúnaithe déanta ag 565 duine in Ionad Seirbhísí Teanga Gaeltachta
■ Tacaíocht do 29 comhlacht pobail ina bhfuil 112 duine fostaithe

Fostaíocht sa Ghaeltacht in 2010
Bhí 7,074 duine fostaithe go lánaimseartha i gcliant-chomhlachtaí de chuid an Údaráis in 2010. Cruthaíodh 704 post nua lánaimseartha i rith na bliana, sin glan chaillteanas 398 post ar an iomlán. Taispeánann na figiúirí fostaíochta gur éirigh go maith le comhlachtaí atá ag plé le heaspórtáil, rud atá ar aon dul leis an treocht náisiúnta. Is údar misnigh é go ndearna roinnt de na comhlachtaí sin tuilleadh infheistíochta agus forbairt ina ngnóthaí i rith na bliana.

An líon post a ceadaíodh níos airde ná anuraidh
In ainneoin na géarchéime eacnamaíochta domhanda, ceadaíodh 535 post nua i rith 2010 i bhfiontair nua agus reatha le hinfheistíocht mheasta iomlán de €54 milliún. Sin ardú 31% ar an méid post a ceadaíodh an bhliain roimhe sin agus beidh roinnt mhaith díobh seo á gcruthú in 2011, agus sa dá bhliain ina dhiaidh sin. In ainneoin na haeráide eacnamaíochta agus gnó dúshlánaí, léiríonn sé seo an cumas atá ag an Údarás infheistíochtaí nua a mhealladh, tacú le pleananna forbartha a gcliant, agus dá bhrí sin, fostaíocht bhreise a chruthú.
Tá sé tábhachtach a thabhairt san áireamh, áfach, go bhfuil an méid post a ceadaíodh le dhá bhliain anuas níos ísle ná na blianta roimhe sin. Léiríonn taithí ó bhlianta eile go bhfuil gá líon post níos suntasaí a cheadú lena chinntiú nach mbeidh titim ar an leibhéal fostaíochta sa Ghaeltacht. Le dhá bhliain anuas bhí titim ar an méid post a ceadaíodh de bharr laghdú ar an líon tionscadail nua, ó earnálacha áirithe, a tháinig chun tosaigh ag lorg tacaíochta mar gheall ar dheacrachtaí maoinithe nó lagú ina gcúrsaí gnó, agus de bharr laghdú ar an leibhéal maoinithe a bhí ar fáil don eagraíocht (óna chuid foinsí maoinithe féin agus ón Státchiste). Tá muid ag súil, leis na hacmhainní atá ar fáil don Údarás don bhliain amach romhainn, go gceadófar tograí ina mbeidh timpeall 500 post nua in 2011. Beidh gá le foinsí breise maoinithe a aimsiú i gcás go dtagann tuilleadh tograí chun cinn a mbeidh poitéinseal fiúntach fostaíochta ag baint leo.

Comhlachtaí ag comhdhlúthú agus ag athstruchtúrú le bheith in ann maireachtáil
Bhí laghdú ar chaillteanas poist i rith 2010 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Tharla tromlach na gcaillteanas de bharr fiontair a bheith ag laghdú foirne chun gearradh siar ar chostais, athstruchtúrú agus comhdhlúthú. Tá súil ag an Údarás, áfach, go gcruthófar na poist seo in athuair, nuair a thiocfaidh fás faoin eacnamaíocht arís. Is comhlachtaí beaga, go háirithe iad siúd a bhí ag trádáil sa mhargadh baile amháin, agus comhlachtaí bainteach leis an earnáil tógála agus earnálacha gaolmhara is mó a bhí buailte de thoradh an laghdaithe san éileamh ón margadh baile. Bhí laghdú le feiceáil ar fhostaíocht i gcomhlachtaí sa tionscal turasóireachta chomh maith.

I rith na bliana, lean feidhmeannaigh an Údaráis den obair lena gcliant-chomhlachtaí agus thacaigh siad leo ina n-iarrachtaí táirgí agus margaí nua a fhorbairt agus iomaíochas a mhéadú. Ceadaíodh maoiniú iomlán de €2.8m i dtionscadail Taighde agus Forbartha i rith na bliana agus beidh torthaí na dtionscadal seo mar bhunús do phleananna forbartha sna blianta amach romhainn.

Cuidíonn Scéimeanna Rialtais le poist a choinneáil slán
Bhí an dá thionscnamh Rialtais, An Ciste um Forbairt Fiontair agus An Scéim Fóirdheontas Fostaíochta, a bunaíodh le poist a shábháil le linn na ndeacrachtaí eacnamaíochta reatha, thar a bheith tábhachtach agus chuidigh siad le leibhéil fostaíochta a choinneáil agus a chothú i roinnt comhlachtaí Gaeltachta i rith na bliana. Déanann an tÚdarás na cláir a riaradh sa Ghaeltacht agus go dáta tá maoiniú iomlán de €5.76 milliún ceadaithe do 36 comhlacht Gaeltachta, rud a chuidigh 645 post a choinneáil slán.

Luach eacnamaíoch don Ghaeltacht agus don tír
Taispeánann torthaí ón Annual Business Survey of Economic Impact 2009 (ABSEI) a rinne Forfás in 2010 do na gníomhaireachtaí forbartha go léir, agus a rinne suirbhé ar chliant-chomhlachtaí de chuid an Údaráis ina bhfuil 77% den fhostaíocht iomlán, gur fiú thart ar trí cheathrú billiún Euro díolacháin iomlán na gcliant-chomhlachtaí, agus gur bhain €354m de sin le heaspórtáil. Léiríonn an suirbhé chomh maith go bhfuil 40.6% de chomhlachtaí Gaeltachta ag plé le gníomhaíochtaí taighde agus forbartha.

Comhoibriú le gníomhaireachtaí eile
I rith 2010, lean an tÚdarás lena chomhoibriú le gníomhaireachtaí eile stáit chun an úsáid is fearr a fháil as an réimse iomlán scéimeanna Rialtais atá ar fáil le cláir thacaíochta agus seirbhísí éifeachtacha a sheachadadh chuig pobail agus cliaint Ghaeltachta. Treisíodh comhaontuithe comhoibrithe le roinnt gníomhaireachtaí lena chinntiú go mbainfear amach an breisluach is fearr ó na cláir, tionscnaimh agus bearta atá ar fáil acu do na hearnálacha agus pobail ar a bhfuil siad ag freastal.

Forbairt Pobail agus Gníomhaíochtaí Teanga
Bhí ar chumas na heagraíochta a ghníomhaíochtaí forbartha pobail agus teanga a chur i bhfeidhm den chuid is mó, in ainneoin na gciorruithe airgeadais. Cuireadh tacaíocht ar fáil do 29 comhlacht pobail ar fud na Gaeltachta ina bhfuil 112 fostaithe go lánaimseartha agus a chuireann seirbhísí tábhachtacha pobal ar fáil. Déanann an tÚdarás bainistiú agus riaradh chomh maith ar an Scéim Sóisialta Tuaithe agus ar an Scéim Fostaíochta Pobail sa Ghaeltacht. Tá an dá scéim maoinithe go náisiúnta ag an Roinn Coimirce Sóisialaí agus b’fhiú €13m san iomlán an dá scéim do gheilleagar na Gaeltachta in 2010. Bhí os cionn 800 rannpháirtí agus 40 saoiste fostaithe ar 38 scéim ar fud na Gaeltachta. Mar aon le taithí oibre agus oiliúint a chur ar fáil dóibh siúd atá as obair, tá ról lárnach ag na scéimeanna seo i bhforbairt pobail sa Ghaeltacht.

I ndáil le gníomhaíochtaí teanga, lean an tÚdarás ag cur tacaíochta ar fáil d’fheidhmiú 70 naíonra Gaeltachta a chuireann oideachas réamhscolaíochta trí Ghaeilge ar fáil do os cionn 1,000 páiste tríd an chomhlacht Comhar Naíonraí na Gaeltachta Teo. Cuireadh tacaíocht ar fáil chomh maith do 34 Ionad Seirbhísí Teanga inar fhreastail 565 duine ar chúrsaí Gaeilge creidiúnaithe i rith na bliana.

Oideachas Tríú Leibhéal sa Ghaeltacht
Tá an tacaíocht atá curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta le seacht mbliana anuas d’institiúidí tríú leibhéal ríthábhachtach i bhforbairt agus i soláthar cúrsaí oideachais tríú leibhéal trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. De thoradh na tacaíochta seo, tá réimse leathan cúrsaí dioplóma, ard-dioplóma, céime agus iarchéime á gcur ar fáil anois in ionaid ar fud na Gaeltachta, agus go príomha ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh. Cuireann Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Mhaigh Eo i gcomhar leis an sainchomhlacht teanga Europus Teo agus Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge i gcomhar leis an gcomhlacht léiriúcháin teilifíse Nemeton Teo, cúrsaí ar fáil sa Ghaeltacht chomh maith. Bhí sé mar aidhm i gcónaí ag an Údarás tacaíocht a chur ar fáil le hoideachas tríú leibhéal trí Ghaeilge sa Ghaeltacht a ghríosú chun forbartha go dtí go mbeadh na hathruithe cuí polasaithe curtha i bhfeidhm chun a chinntiú go bhfuil maoiniú córasach á chur ar fáil do chúrsaí cáilitheacha. Fáiltímid roimh na céimeanna atá á nglacadh ag an Acadamh, OÉ Gaillimh, an tÚdarás um Ard-Oideachas (HEA) agus ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta i rith na bliana chun a chinntiú go mbeidh an maoiniú riachtanach ar fáil do chúrsaí cáilitheacha in ionaid sheachtracha ollscoile sa Ghaeltacht.

An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
Ba chéim mhór chun cinn don Ghaeltacht agus do chainteoirí Gaeilge araon a bhí i bhfoilsiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ag an Rialtais le gairid. Taispeánann taighde a rinneadh roimhe seo stáid leochaileach na Gaeilge agus é á thuar ag saineolaithe nach mairfidh an Ghaeilge mar theanga teaghlaigh agus pobail sa Ghaeltacht ach cúig déag go fiche bliain eile. Aithníonn an tÚdarás go bhfuil todhchaí na Gaeilge sa Ghaeltacht fite fuaite le cur chun cinn agus forbairt na Gaeilge ar leibhéal náisiúnta agus go bhfuil naisc láidre riachtanach le pobal na Gaeilge a dhaingniú. Fáiltíonn muid roimh an ról lárnach atá molta don Údarás mar ghníomhaireacht i gcur i bhfeidhm na straitéise agus an leathnú ar shainchúraim na heagraíochta le tabhairt faoi ról náisiúnta maidir le tograí forbartha teanga. Beidh muid ag obair i gcomhar leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta atá freagrach as stiúradh a dhéanamh ar phleanáil agus ar chur i bhfeidhm na Straitéise, le tabhairt faoi na céimeanna atá riachtanach chun dlús a chur le cur i bhfeidhm na Straitéise agus i dtreo athstruchtúrú Údarás na Gaeltachta dá ról forbartha molta mar Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta.

An bhliain amach romhainn
Sa bhreis ar an obair a bheidh ar láimh d’ullmhú chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge i rith 2011, beidh an tÚdarás ag díriú chomh maith ar a fheidhmeanna forbartha fiontair. Cuirfear béim ar leith ar chosaint na fostaíochta reatha ina chliant-chomhlachtaí agus ar chliaint a ghríosú i dtreo gníomhaíochtaí breise taighde agus forbartha dá dtáirgí agus seirbhísí. Leanfaidh an eagraíocht lena straitéis le fiontair agus infheistíochtaí nua eolasbhunaithe a mhealladh agus oibreoidh sé i gcomhar le gníomhaireachtaí eile stáit chun a chinntiú go bhfaighidh an Ghaeltacht an buntáiste is fearr as tionscnaimh agus cláir fhorbartha náisiúnta.

BRISEADH SÍOS AR AN FHOSTAÍOCHT DE RÉIR CHEANTAR GAELTACHTA

Dún na nGall
Cruthaíodh 194 post nua i nGaeltacht Thír Chonaill in 2010, ach nuair a thógtar líon na bpost a cailleadh san áireamh bhí glan-chaillteanas 243 post i gceist. Bhí 2,007 duine fostaithe go lánaimseartha i gcliant-chomhlachtaí de chuid an Údaráis i nGaeltacht Thír Chonaill ag deireadh na bliana.
Ach is ábhar misnigh dúinn gur ceadaíodh líon suntasach poist do Ghaeltacht Dhún na nGall i dtograí nua le linn na bliana seo caite. Ceadaíodh 193 post nua lánaimseartha i dtograí ina mbeidh infheistíocht iomlán de €16.7 milliún i gceist nuair atá na forbairtí atá beartaithe acu faoi lánseol. Beidh sciar mhaith de na poist seo ag teacht chun cinn le linn 2011 agus sa dá bhliain ina dhiaidh sin.
Tharla líon ard den titim san fhostaíocht i ngrúpa comhlachtaí Largo Foods atá lonnaithe ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair. D’fhógair an comhlacht in 2009 go mbeadh athstruchtúrú á dhéanamh ar an ngnó agus go mbeadh titim ar líon na bhfostaithe dá bharr. Tá an laghdú sin le feiceáil i bhfigiúirí fostaíochta 2010. Is ábhar dóchais dúinn go bhfuil an grúpa Largo Foods tar éis infheistíocht shuntasach bhreise a dhéanamh an bhliain seo caite leis an ngnó a athfhorbairt le díriú ar an margadh nideoige do tháirgí smailcbhia sláintiúla. Tá muid ag súil go dtiocfaidh riar den fhostaíocht seo ar ais nuair atá an fhorbairt curtha i bhfeidhm.
Tharla titim i bhfostaíocht chomh maith i gcomhlachtaí atá ag feidhmiú sna hearnálacha turasóireachta agus i gcomhlachtaí a bhí ag brath go mór ar an tionscal tógála.

Maigh Eo
Cruthaíodh 48 post nua i nGaeltacht Mhaigh Eo in 2010, ach nuair a thógtar líon na bpost a cailleadh san áireamh, bhí glan-chaillteanas 132 post i gceist. Bhí 601 duine fostaithe go lánaimseartha i gcliant-chomhlachtaí de chuid an Údaráis i nGaeltacht Mhaigh Eo ag deireadh na bliana. Ceadaíodh 45 post nua i dtograí nua le linn 2010 ina mbeidh infheistíocht iomlán de €7.5 milliún i gceist nuair atá na forbairtí atá beartaithe acu faoi lánseol.
Tharla formhór na gcaillteanas post de thairbhe dhúnadh Drimbawn Mushroom Ltd i mBéal an Mhuirthead nuair a cailleadh 70 post agus de bharr laghduithe foirne i ngnólachtaí sa tionscal turasóireachta agus i gcomhlachtaí a bhí ag brath go mór ar an tionscal tógála.

Gaillimh
Cruthaíodh 249 post nua i nGaeltacht na Gaillimhe in 2010, ach nuair a thógtar líon na bpost a cailleadh san áireamh bhí glan-chaillteanas 35 post i gceist. Is fiú a nótáil, don dara bliain as a chéile, nach bhfuil an céatadán laghdaithe post chomh suntasach i nGaeltacht na Gaillimhe i gcomparáid le ceantair Ghaeltachta eile rud a chiallaíonn go bhfuil an bonn fostaíochta agus na hearnálacha ina bhfuil siad réasúnta seasmhach. Léiríonn na figiúirí gur tharla formhór na laghduithe poist de bharr gnólachtaí ag sileadh post.
Is ábhar dóchais dúinn an líon suntasach poist nua a ceadaíodh do Ghaeltacht na Gaillimhe le linn 2010. Ceadaíodh 236 post lánaimseartha i dtograí nua le hinfheistíocht iomlán de €20 milliún nuair atá na tograí sin atá beartaithe faoi lánseol. Beidh roinnt mhaith de na poist seo ag teacht chun cinn i rith 2011 agus go luath sna blianta dar gcionn.
Bhí 2,805 duine fostaithe go lánaimseartha i gcliant-chomhlachtaí de chuid an Údaráis i nGaeltacht na Gaillimhe ag deireadh na bliana.

An Mhí
Cruthaíodh 34 post nua i nGaeltacht na Mí in 2010, agus nuair a thógtar líon na bpost a cailleadh san áireamh bhí glan-mhéadú 23 post i gceist, ardú 12% ar an mbliain roimhe.
Bhí 185 duine fostaithe go lánaimseartha i gcliant-chomhlachtaí de chuid an Údaráis i nGaeltacht na Mí ag deireadh na bliana.

Ciarraí
Cruthaíodh 77 post nua i nGaeltacht Chiarraí in 2010, ach nuair a thógtar líon na bpost a cailleadh san áireamh bhí glan-chaillteanas 23 post i gceist. Léiríonn na figiúirí gur tharla formhór na gcaillteanas post de bharr gnólachtaí a bheith ag laghdú foirne agus costais le linn na bliana lena gcumas iomaíochta a choinneáil slán.
Ceadaíodh 29 post nua i dtograí nua i nGaeltacht Chiarraí le linn 2010 ina mbeidh infheistíocht iomlán de os cionn €6 mhilliún i gceist nuair atá an fhorbairt atá beartaithe sna tograí sin faoi lánseol.
Bhí 737 duine fostaithe go lánaimseartha i gcliant-chomhlachtaí de chuid an Údaráis i nGaeltacht Chiarraí ag deireadh na bliana.

Corcaigh
Cruthaíodh 98 post nua i nGaeltacht Mhúscraí in 2010, agus nuair a thógtar líon na bpost a cailleadh san áireamh bhí glan-mhéadú 14 post i gceist. Bhí 615 duine fostaithe go lánaimseartha i gcliant-chomhlachtaí de chuid an Údaráis i nGaeltacht Mhúscraí ag deireadh na bliana.
Ceadaíodh 30 post nua lánaimseartha le hinfheistíocht iomlán de €3.2m do Ghaeltacht Mhúscraí le linn na bliana.

Port Láirge
Coinníodh an bonn fostaíochta slán i nGaeltacht na Rinne le linn 2010. Léiríonn na figiúirí fostaíochta go raibh 124 duine fostaithe go lánaimseartha i gcliant-chomhlachtaí de chuid an Údaráis i nGaeltacht Phort Láirge ag deireadh na bliana.