Údarás na Gaeltachta agus Meitheal Forbartha na Gaeltachta

24 Aibreán, 2009

nóiméad léite

Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh na gcruinnithe a bhí ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív inniu (Dé hAoine 23ú Aibreán) le Bord an Údaráis agus Bord MFG. I dtuairim an Údaráis thug an tAire soiléiriú iomlán don dá Bhord faoina bhfuil i gceist aige maidir le cónascadh a thabhairt i gcríoch idir an dá eagraíocht, an clár ama a bhaineann leis an gcinneadh sin agus scéimeanna atá i gceist a aistriú chuig an Údarás i rith na bliana reatha. D’iarr an tAire ar an dá eagraíocht comhoibriú lena Roinn féin leis an gcomhtháthú atá i gceist a thabhairt i gcríoch agus oibriú as lámh a chéile chun aon deacrachtaí a réiteach.

Aontaíonn Bord Údarás na Gaeltachta leis an gcuspóir cónasctha atá leagtha amach ag an Aire ar mhaithe le héifeachtúlacht agus ar mhaithe leis an tseirbhís is fearr is féidir a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta agus aithníonn sé gur gá teacht ar réiteach sásúil maidir leis na himpleachtaí fostaíochta a bhaineann leis an gcónascadh.

Cuireann Bord an Údaráis a muinín sa bhfeidhmeannas leis an gcuspóir sin a bhaint amach sa bpróiseas cainteanna atá ar bun idir an dá eagraíocht i gcomhar leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

Chuir comhaltaí an Údaráis in iúl don Aire go bhfuil sé fíorthábhachtach go dtabharfaidh an Rialtas cosaint láidir d’Údarás na Gaeltachta mar eagras forbartha na Gaeltachta ag an tráth cinniúnach seo nuair is géire ná riamh a theastaíonn struchtúr láidir stáit le todhchaí na Gaeltachta ó thaobh eacnamaíochta, sóisialta agus teanga a chosaint agus a chinntiú. B’údar sásaimh don Údarás an soiléiriú a thug an tAire maidir leis an bplé atá ar bun i gcomhthéacs na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge fá struchtúr an Údaráis sa todhchaí agus a mhian féin go mbeadh leathnú ar chumhachtaí agus feidhmeanna an Údaráis le freastal iomlán a dhéanamh ar riachtanais phobal na Gaeltachta.