Tús curtha le tógáil mol digiteach in An Spidéal ina mbeidh béim ar an earnáil chruthaitheach

8 Eanáir, 2019

nóiméad léite

An tAire Seán Kyne, T.D. agus Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta le hionadaithe ón bhfoireann tionscadail tógála le haghaidh gteic an Spidéil

Is é Príomh Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus na hOileáin, Seán Kyne, T.D., a chuir tús oifigiúil leis an obair thógála ar Ionad Nuálaíochta agus Mol Digiteach nua, gteic@AnSpidéal, atá le forbairt i gceartlár bhaile an Spidéil i nGaeltacht Chonamara.

Cuirfidh gteic@AnSpidéal áis bhríomhar nua-aimseartha den scoth le leathanbhanda ardluais ar fáil d’fhiontair, nua nó bunaithe cheana féin, agus beidh béim ar leith orthu siúd atá ag obair san earnáil chruthaitheach agus sna meáin dhigiteacha. Mar chuid den fhorbairt sa Spidéal, beidh 25 deasc sealaíochta/spás comhroinnte, 10 spás oifige príobháideach, dhá seomra cruinnithe, áiseanna físchomhdhála, spásanna cruthaitheacha, botháin fhóin agus fhaighneoga cruinnithe. Meastar go mbeidh an mol ábalta freastal ar 40 – 50 duine. Kesel Construction atá i mbun oibre ar an áis le Niall J. Kearns & Co. i mbun ailtireachta agus táthar ag súil an obair a bheith curtha i gcrích agus an mol á oscailt sa bhfómhar.

“Tá an-áthas orm tús a chur leis an obair ar an mol gteic nua sa Spidéal, rud a chabhróidh go mór le fiontraíocht agus nuálaíocht i gConamara Theas."

Deir Seán Kyne, T.D.

Tá an mol mar chuid de gteic – Gréasán Digiteach na Gaeltachta, sraith moil nuálaíochta agus digiteacha atá á mbunú i gceantair ar fud Ghaeltacht na hÉireann i gcontaetha Dhún na nGall, Mhaigh Eo, Ghaillimh, Chiarraí, Chorcaigh, Phort Láirge agus An Mhí. Beidh gteic@AnSpidéal ar cheann de 9 mol digiteach a fhorbrófar i nGaeltacht na Gaillimhe sna blianta seo romhainn. Osclaíodh mol ar an gCeathrú Rua anuraidh agus beifear ag súil go mbeidh moil i gCarna agus sna Forbacha curtha i gcrích as seo go ceann roinnt seachtainí.

Ceadaíodh maoiniú suntasach de €548,887 faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe ag leibhéal 75% agus déanfaidh Údarás na Gaeltachta fuílleach an mhaoinithe a chur ar fáil óna chistí féin.

Deir Seán Kyne, T.D., Príomh Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin “Tá an-áthas orm tús a chur leis an obair ar an mol gteic nua sa Spidéal, rud a chabhróidh go mór le fiontraíocht agus nuálaíocht i gConamara Theas. Cuirfidh sé deiseanna ar fáil do ghnólachtaí áitiúla agus d’fhiontraithe, chomh maith le daoine a spreagadh chun gnólacht a bhunú nó chun filleadh ar an gceantar.”

“Cabhraíonn moil dhigiteacha, a bhfuil áiseanna oifige iontu, le spásanna oibre comhroinnte agus leathanbhanda ardluais, le fás agus forbairt ghnólachtaí nuathionscanta agus ghnólachtaí seanbhunaithe. Beidh béim ar leith i gteic@AnSpidéal ar na hearnálacha cruthaitheacha agus meán digiteacha, a bheidh ag tacú leis na scórtha post go díreach agus go hindíreach agus mar sin tógann sé ar an earnáil láidir chruthaitheach atá forbartha, ar bhealach nach beag, mar gheall ar TG4 agus Raidió na Gaeltachta.”

Deir Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, “Tá muid thar a bheith sásta go bhfuil tús curtha anois leis an obair ar gteic@AnSpidéal. Tabharfaidh an togra seo an rogha do lucht Diaspóra na Gaeltachta filleadh ar an mbaile agus a bheith ag cian oibriú nó tús a chur lena ngnólachtaí féin san ionad nua-aimseartha seo atá á fhorbairt chun deiseanna fostaíochta nuálaíocha a chruthú agus a chothú. I gceantar ina bhfuil an earnáil chruthaitheach agus meáin digiteacha faoi bhláth, beidh an fhorbairt seo mar thacaíocht d’oibrithe neamhspleácha agus saoroibrithe cruthaitheacha a chuireann go mór leis an earnáil seo.”