Tuarascáil Bhliantúil 2007 foilsithe ag Údarás na Gaeltachta

22 Iúil, 2008

nóiméad léite

  • Cruthaíodh 1,038 post lánaimseartha
  • Ceadaíodh 928 post nua lánaimseartha
  • Fás ag teacht ar dhéantúsaíocht speisialaithe agus nua-aimseartha agus an earnáil seirbhísí
  • Iomaíocht d’infheistíocht nua ag géarú

Ina Thuarascáil Bhliantúil do 2007 a sheol Údarás na Gaeltachta inniu, léiríodh gur cruthaíodh 1,038 post nua i 2007 agus gur ceadaíodh 928 post nua lán aimseartha.

Dúirt Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach an Údaráis, agus é ag seoladh na Tuarascála gur éirigh leis an Údarás an bonn fostaíochta a choinneáil slán seasmhach sa Ghaeltacht in 2007, le méadú glan measartha ar líon na bpostanna nua, rud a thug iomlán na fostaíochta i gcliant-ghnólachtaí go dtí os cionn 8,000 duine.

“Ba dhul chun cinn suntasach é sin maidir le cruthú postanna i réimsí difriúla earnálacha, an earnáil seirbhíse agus déantúsaíocht nua-aimseartha ach go háirithe, nuair a chuirtear san áireamh an t-athrú san aeráid eacnamaíochta sa dara leath de 2007 agus atáthar ag tuar a ghéaróidh i rith 2008”, a dúirt sé.

“Is léir go bhfuil bliain dhúshlánach go leor amach romhainn nuair a thógtar san áireamh an aeráid eacnamaíochta domhanda, an tionchar atá ag an ráta malairte Euro/Dollar ar chomhlachtaí áirithe agus an cúngú creidmheasa ar chliant-chomhlachtaí an Údaráis. Dúshlán mór a bheidh ann dúinn na spriocanna forbartha agus fostaíochta atá leagtha amach againn a bhaint amach, ach tá líon na bhfiosrúchán gnó agus na hábhair tograí atá sa bpíblíne go dtí seo i mbliana láidir go leor.”

“Leanfaidh an tÚdarás lena straitéis ag saothrú agus ag infheistiú i réimsí a ghinfidh forbairt agus fostaíocht sa bhfadtéarma. Díreofar an bhéim fhorbartha ar cheantair shonracha atá scoite amach agus ina bhfuil spás tionsclaíoch agus gnó de chaighdeán maith ar fáil. Leanfar ar aghaidh leis an bhéim ar ghnólachtaí beaga agus meánmhéide dúchasacha i speictream leathan earnálacha ar a n-áirítear déantúsaíocht nideoige, seirbhísí trádála idirnáisiúnta agus acmhainní nádúrtha. Treiseofar ar ár n-iarrachtaí le tacaíocht a chur ar fáil do chliant-chomhlachtaí le díriú ar chláir thaighde agus forbartha lena gcumas iomaíochta a fheabhsú. Cuirfear béim ar fhorbairt na hollscolaíochta trí Ghaeilge atá ag tacú go mór le líon mór daoine ardoilte agus linn d’fhiontraithe a sholáthar d’fhórsa saothair na Gaeltachta, ar fhorbairt infrastruchtúr teilechumarsáide agus gnó chomh maith le hinfrastruchúr pobail agus sóisialta.”

“Tá an tÚdarás ag brath cuid mhór faoi láthair ar ioncam ó dhíolacháin maoine mar chomhlánú ar an soláthar ón statchiste chun an clár caipitil a chur i bhfeidhm agus is cinnte go mbeidh dúshlán breise ag baint le sóchmhainní a dhíol san aeráid eacnamaíochta atá ann faoi láthair agus atá tuartha don bhliain seo romhainn” a dúirt sé.

Níos luaithe i mbliana, d’fháiltigh an tÚdarás roimh chinneadh an Rialtais Coiste Rialtais a bhunú faoi chathaoirleacht an Taoisigh le theacht aníos le straitéis a bheidh mar fhreagra ar mholtaí agus tátail an Staidéir Theangeolaíochta ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Ag tagairt don straitéis seo, dúirt Pádraig Ó hAoláin go raibh an tÚdarás ag súil go mbeidh páirt ghníomhach aige i bhfeidhmiú agus i mbainistiú pé plean gníomhaíochta a eascróidh as an phróiseas sin.