Teastais & Duaiseanna bronnta ar Scoileanna a ghlac páirt sa Ghearr chúrsa ar Bhunscileanna Físeán do Scoileanna Dara Leibhéal Gaeltachta – Réigiún an Iarthair

12 Bealtaine, 2009

nóiméad léite

Ag ócáid a bhí ar siúl in Óstán na Páirce inniu (13 Bealtaine) bhronn Mamie Ní Chualáin, Údarás na Gaeltachta, teastais agus duaiseanna ar na scoláirí a ghlac páirt sa Ghearrchúrsa ar Bhunscileanna Físeán do Scoileanna Dara Leibhéal Gaeltachta – Réigiún an Iarthair don scoilbhliain 2008/2009.

Is í Gairmscoil na bPiarsach, Ros Muc a bhuaigh an príomh dhuais d’Fhís Thaifeadán (urraithe ag TG4) as an gclár is fearr.

Is iad Eoin Ó Dubhghaill agus Kayla Nic Dhonnacha a bhuaigh duaiseanna na n-aisteoirí is fearr (aisteoir fear agus bean) agus bronnadh píosa criostal an duine orthu (urraithe ag Aseop Teo).

Is cúrsa ceithre lá a bhí sa chúrsa seo ag a bhfuil sé mar aidhm blas den tionscal físeán a thabhairt do dhaltaí dara leibhéal. Is é an comhlacht Aesop Teo a d’eagraigh an cúrsa le maoiniú ó Údarás na Gaeltachta agus ghlac 8 scoil ar fad páirt.