Suirbhé na nDéise

25 Meán Fómhair, 2007

nóiméad léite

Rinne Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Pádraig Ó hAoláin torthaí an tsuirbhé – Anailís Riachtanais Socheacnamaíoch agus Cultúrtha Ghaeltacht na nDéise a sheoladh i Halla Cholmáin sa tSean Phobal anocht (Dé Máirt 25 Meán Fómhair).

Dhírigh an taighde a rinne Comhlacht Forbartha na nDéise le comhair ó Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí agus le tacaíocht airgeadais ón Údarás ar cheithre réimse difriúil , s’iad sin:

  • stáid na Gaolainne sa tSean Phobal agus sa Rinn
  • seirbhísí cúram leanaí an cheantair
  • cáilíochtaí agus taithí oibre phobal Ghaeltacht na nDéise
  • agus riachtanais tithíochta phobal na háite.

Ghlac 477 teaghlach, sé sin 96.6% de dhaonra na nDéise páirt sa tsuirbhé.

Agus é ag labhairt ag an seoladh, dúirt Pádraig Ó hAoláin gur mhór an áis iad torthaí an tsuirbhé seo a bheith ar fáil don Údarás, do Chomhlacht Forbartha na nDéise agus d’eagraíochtaí eile. “Is ábhar sásaimh agus misneach dúinn chomh láidir agus atá an Ghaeilge sa cheantar ach is léir gur gá tionscnamh láidir pleanála teanga a chur i bhfeidhm leis an bhunshraith atá ann a láidriú ó líon na ndaoine atá bogtha isteach sa cheantar ón taobh amuigh”.

“Is ábhar sásaimh dúinn chomh maith an leibhéal fostaíocht atá ar fáil i nGaeltacht na nDéise agus sa cheantar maguaird agus beidh úsáid thairbheach a bhaint as torthaí an tsuirbhé seo le cúrsaí ábhartha oiliúna a eagrú sa cheantar agus le díriú ar éileamh ar áiseanna chúram leanaí”, a dúirt sé.

Thug sé le fios chomh maith go bhfuil réamh-obair phleanála ar siúl faoi láthair le Lár-Ionad Forbartha do gnóanna seirbhíse agus a leithéid a thógáil sa cheantar agus go mbeadh iarratas pleanála a ullmhú don fhorbairt seo sna míonna amach romhainn.