Suíomh Idirlín Údarás na Gaeltachta ar an ngearrliosta do ghradaim an Golden Spider

13 Samhain, 2008

nóiméad léite

Tá Údarás na Gaeltachta ar an ngearrliosta do ghradaim idirlín an Golden Spiders dá shuíomh idirlín www.udaras.ie

Tugann na gradaim Golden Spiders, a bhronntar go bliantúil i mBaile Átha Cliath, aitheantas do shuímh idirlín sármhaith agus áirítear na gradaim mar thagarmharc tábhachtach ó thaobh cruthaíochta agus nuálaíochta de. Tá 24 catagóir ann ar fad agus tá Údarás na Gaeltachta ar an ngearrliosta sa chatagóir “An suíomh e-rialtas is fearr” (Best e-government Website)”. Tugann an catagóir seo aitheantas d’eagraíochtaí stáit atá ag cur seirbhísí cost-éifeachtúla ar fail do phobail níos leithne trí phróisis nuálacha agus caighdeáin inúsáidteachta.

Dúirt Siubhán Nic Grianna, Bainisteoir Cumarsáide agus Margaíochta an Údaráis gur spreagadh iontach don eagraíocht atá san aitheantas seo atá faighte. “Tá gradaim an Golden Spider ar na gradaim idirlín is mó le rá in Éirinn agus is onóir mhór dúinn a bheith ainmnithe in éineacht le cuid de na suímh idirlín is fearr sa tír. Tá gá le dea-chleachtas nuair atá seirbhís ar líne á sholáthar don phobal agus léiríonn www.udaras.ie gur féidir é seo a dhéanamh ar bhealach éifeachtach, éasca le húsáid agus soiléir.