Snáth Dhún na nGall Teo chun 10 bpost nua a chruthú i gCill Charthaigh

8 Samhain, 2011

nóiméad léite

Inniu (Dé Mairt, 08 Samhain) d’fhógair Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., An tAire Stáit ag An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, go bhfuil 10 bpost breise le cruthú i gcomhlacht teicstíle Chill Charthaigh, Snáth Dhún na nGall Teo., le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta. Tá 23 duine fostaithe sa chomhlacht faoi láthair agus tá i gceist aige tosú ag earcú sna míonna seo romhainn.

Rinne an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., an fhógairt seo agus é ar chuairt chuig cliant-chomhlachtaí an Údaráis i nGaeltacht dheisceart Dhún na nGall. Tá 553 duine fostaithe sa cheantar seo i gcomhlachtaí a fuair tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta agus tá 2,007 san iomlán fostaithe i gcliant-chomhlachtaí de chuid an Údaráis i gceantair eile ar fud Dhún na nGall.

Mhol an tAire Stáit Snáth Dhún na nGall Teo. as a bhfuil bainte amach ag an chomhlacht, “is iontach a fheiceáil go bhfuil ag éirí chomh maith le comhlacht dúchasach Gaeltachta ar nós Snáth Dhún na nGall Teo. sa mhargadh iomaíoch teicstíle, go háirithe san earráid eacnamaíochta atá ann faoi láthair. Is minic go mbíonn orainn a bheith níos dírithe in amanna dúshlánacha agus tá sé soiléir go bhfuil an chomhlacht seo dírithe agus fiontraíoch ina ngíomhaíochtaí, go háirithe i bhforbairt táirgí nua agus ag onnmhairiú chuig margaí nua. Is iontach é go bhfuil traidisiún atá chomh sean leis seo ag leanúint ar aghaidh ag forbairt i gceantar gCill Charthaigh”. Mhol an tAire Stáit Údarás na Gaeltachta chomh maith as an obair a dhéanann sé ag cuidiú le comhlachtaí Gaeltachta a ngnóthaí a fhorbairt agus a fhás.

Dúirt Chris Weiniger, Bainisteoir Ginearálta, Snáth Dhún na nGall Teo “cuideoidh an tacaíocht seo atá á cur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta dúinn lenár réimse uathúil de shnátha bréidín Dhún na nGall a leathnú agus a fhorbairt don earnáil cniotála agus fíodóireachta, ár sciar den mhargadh a mhéadú agus an comhlacht a choimeád slán isteach sa todhchaí. Léiríonn an tacaíocht seo tiomantas an Rialtais tacú le comhlachtaí beaga agus fostaíocht a chruthú i gceantair tuaithe.

Dúirt Seán Ó Labhraí, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, “Is í an fhoireann oilte agus tiomanta buncharraig rath an chomhlachta i dtáirgeadh táirge traidisiúnta atá uathúil san earnáil teicstíle domhanda. Tá an comhlacht seo chun tosaigh i bhforbairt agus i gcruthú snáth dá gcustaiméirí. Molaim a bhfuil bainte amach acu mar aon le taithí agus saineolas na foirne i dtáirgeadh snáth. Tá ríméad orainn tacú lena leithéid de chomhlacht agus fáiltíonn muid roimh phleananna forbartha an chomhlachta.”

Bunaíodh Snáth Dhún na nGall Teo. sa bhliain 2006. Táirgeann an comhlacht snáth bhfuil de chuma “Dhún na nGall” don mhargadh fíodóireachta, cniotáil tráchtála agus cniotáil baile. Tá próiseas iomlán táirgeachta á fheidhmiú ag an chomhlacht sa mhuileann sníomha olla traidisiúnta atá aige i gCill Charthaigh, ón amholann go dtí an snáth ildaite críochnaithe. Onnmhairítear os cionn 65% de tháirgeacht iomlán an chomhlachta chuig an Aontas Eorpach, Na Stáit Aontaithe agus an tSeapáin. Tá snáth an chomhlachta in úsáid in éidí faisean daor a tháirgeann comhlachtaí mór le rá i Meiriceá ar nós Ralph Lauren, Polo agus J. Crew.