Seoladh Chlár Tacaíochta Ghréasáin Phobail

15 Samhain, 2006

nóiméad léite

Sheol Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta agus Paddy Harte, Comhairleoir Forbartha, Ciste Idirnáisiúnta d’Éireann Clár Tacaíochta Ghréasáin Phobail in Ionad Acmhainn Dhobhair, Gaoth Dobhair, tráthnóna Déardaoin, 16 Samhain.

Is ciste forbartha pobail úr é seo atá cómhaoinithe ag Údarás na Gaeltachta i gcomhar le Ciste Idirnáisiúnta d’Éireann, dírithe ar thograí pobalbhunaithe i nGaeltacht Dhún na nGall.

Is í aidhm an chláir ná cuidiú leis na comharchumainn, comhlachtaí pobalbhunaithe agus coistí pobail a bhfuil áiseanna pobail acu, agus a ndearna an Ciste Idirnáisiúnta d’Éireann agus an tÚdarás infheistíocht chaipitil sna háiseanna sin le blianta beaga anuas, deiseanna forbartha / inmharthana a aimsiú agus a threisiú trí chiste maoinithe a sholáthar i leith:

  • comhairleoireacht
  • oiliúint
  • ullmhú plean forbartha / margaíochta
  • gréasán / teagmháil a chothú le grúpaí eile ar bhonn trasteorainn

Bunaíodh an Ciste Idirnáisiúnta d’Éireann i 1986 le forbairt eacnamaíochta agus shóisialta a chur chun cinn agus le comhfhreagras agus athmhuintearas a spreagadh idir Náisiúnaithe agus Aontachtaithe ó thuaidh agus ó dheas.

Beidh an tÚdarás freagrach as riaradh an chláir.